Rioscaí coitianta ar líne

Gach lá, mar áis agus mar fhóntas, bainimid go léir úsáid as láithreáin ghréasáin, aipeanna agus ardáin meán sóisialta éagsúla agus sinn ag baint úsáid as ár ríomhairí deisce, táibléid agus fóin chliste. Trí sin a dhéanamh, bailítear agus próiseáiltear ár sonraí pearsanta ar réimse bealaí arbh fhéidir nach mbeimis ar an eolas fúthu agus d’fhéadfadh roinnt rioscaí a bheith ag baint leo.

Is é an aidhm atá leis an nóta seo cuidiú leat a bheith ar an eolas faoi na rioscaí sin, na cúinsí ina bhféadadh said teacht chun cinn a aithint, agus moladh a thabhairt maidir le céimeanna is féidir a ghlacadh chun dul i ngleic leo agus tú féin a chosaint ar líne. Ar ndóigh, dá méad eolais atá agat, is ea is fearr a bheidh tú in ann tú féin agus do shonraí pearsanta a chosaint agus rogha agus rialú a chur i bhfeidhm maidir le cinneadh a dhéanamh faoin leas a bhaineann tú as na meáin shóisialta ar líne chomh maith le seirbhíse eile ar líne.

Cad ba chóir duit bheith ar an eolas faoi ar líne? Roinnt rioscaí coitianta ar líne