Leanaí
An Feachtas Feasachta “Smaoinigh sula bPostálann Tú”
"Sharenting": Is é is an téarma ‘sharenting’ ann ná meascán de na focail ‘tuismitheoireacht’ agus ‘comhroinnt’, agus úsáidtear é chun cur síos a dhéanamh ar an gcleachtas arb éard é faisnéis, grianghraif agus físeáin a bhaineann lena leanaí a bheith á gcomhroinnt ag tuismitheoirí go tráthrialta ar na meáin shóisialta agus ar ardáin eile ar líne.
Na rioscaí a ghabhann le ‘Sharenting’
In amanna, is é an gníomh simplí atá i gceist le faisnéis leanaí agus le grianghraif agus físeáin de leanaí a chomhroinnt ar líne is cúis le ró-chomhroinnt neamhbheartaithe sonraí pearsanta, rud ar féidir leis iarmhairtí tromchúiseacha a bheith aige má fhaigheann drochdhaoine greim orthu.
Tá ár bhFeachtas Feasachta “Smaoinigh Sula bPostálann Tú” ceaptha chun a thaispeáint cé na héifeachtaí fíorshaoil a bhíonn ag na rioscaí sin in amanna, agus muid ag foghlaim ó idirghníomhaíochtaí an teaghlaigh leis an triúr “strainséirí”. De dheasca a bpostálacha ar na meáin shóisialta, tá tuismitheoirí Éabha tar éis a hainm, a haois, a dáta breithe, grianghraif dá cairde, ainm agus suíomh a club peile, a sceideal traenála agus an fhíric nach mbíonn a Daid i gcónaí in am chun í a bhailiú “a chomhroinnt leis an domhan mór” trí thimpiste. Taispeánaimid freisin cé chomh héasca is atá sé do dhrochdhaoine na híomhánna sin a fháil, agus muid ag amharc ar ár dtríú strainséir agus é i mbun ceann de na grianghraif d’Éabha a íoslódáil agus a shábháil ar a fhón.
Gabhann roinnt rioscaí le sharenting. Áirítear leo sin:
Lorg digiteach: Nuair a chomhroinneann siad faisnéis faoina leanaí ar líne, cruthaíonn tuismitheoirí lorg digiteach dá leanbh ó aois an-óg. Is minic a dhéantar é sin gan a fhios dá leanaí agus gan toiliú a leanaí. Is féidir go n-áireofar leis sin grianghraif, físeáin agus faisnéis phearsanta eile a d’fhéadfadh a bheith doiligh le scriosadh tráth níos déanaí. Ina theannta sin, i gcás go gcomhroinneann tuismitheoirí íomhánna gan labhairt lena leanbh faoi sin, cailleann siad deis a leanbh a chur ar an eolas faoi thoiliú agus faoi luach a sonraí pearsanta.
Mí-úsáid íomhánna chun críocha dochracha: Nuair a chomhroinnimid faisnéis ar líne, bíonn an baol ann go gcaillfimid smacht ar a bhfuil postáilte againn. Is féidir leis sin riosca a chruthú go ndéanfaí íomhánna/físeáin de leanaí a úsáid/a athchuspórú ar bhealaí mailíseacha ar féidir leo dochar tromchúiseach a dhéanamh, mar shampla íomhánna de leanbh a úsáid chun físeáin dhomhainbhrionnaithe agus ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí a chruthú. I staidéar a rinne Perspectus Global le déanaí[1], tarraingíodh aird ar an bhfíric nach bhfuil ach 20 íomhá de leanbh ag teastáil chun físeán domhainbhrionnaithe díobh a chruthú, agus go n-uaslódálann tuismitheoirí 63 íomhá chuig na meáin shóisialta ar an meán gach mí. Ina theannta sin, dar le tuarascáil a rinne an eagraíocht Fhrancach darb ainm “Foundation pour l’enfance” (an Fhondúireacht Leanaí), is iad a dtuismitheoirí féin a d’fhoilsigh ar líne ar dtús 50% de na grianghraif agus na físeáin de leanaí a comhroinneadh ar fhóraim coirpeach péidifilia[2].
Leochaileacht i leith teagmháil neamhiarrtha: In aon íomhá a thógtar de do leanbh ar fhón cliste nó ar cheamara, is ann do shonraí a d’fhéadfadh a lán faisnéise a nochtadh faoi do leanbh. Ina lán cásanna, cuimsíonn grianghraif agus físeáin faisnéis faoin áit ar tógadh an íomhá agus faoin am a tógadh í (de bharr na meiteashonraí, go háirithe sonraí GPS), rud ar féidir leis faisnéis luachmhar faoi do leanaí a nochtadh ansin freisin, amhail a n-ábhair spéise nó na háiteanna a dtéann siad chucu go minic. Is féidir leis an bhfaisnéis sin iarmhairtí tromchúiseacha a bheith aici má fhaigheann daoine a bhfuil drochintinn acu í.
Clú ar líne: Na grianghraif thaitneamhacha sin de leanaí agus culaith amaideach orthu nó na físeáin sin díobh agus taomanna feirge orthu, is féidir nach mbeidh siad chomh tarraingteach céanna do leanaí agus iad trí bliana déag d’aois. Is féidir le grianghraif nó físeáin náireacha tionchar diúltach a bheith acu i suíomh na scoile (e.g., riosca bulaíochta) nó ar thodhchaí phearsanta agus ghairmiúil an linbh, go háirithe má chomhroinntear iad go forleathan agus gan toiliú an linbh. Na rudaí sin a bhfuil an chuma orthu go bhféadfaí iad a chomhroinnt go réidh san am i láthair, ná déan dearmad go bhféadfadh siad a bheith ina bhfadhb mhór san am atá le teacht.
Bradaíl aitheantais agus calaois: Dar le Barclays[3], is é sharenting an "nasc is laige" i mbaol na calaoise ar líne agus na bradaíola aitheantais. An fhaisnéis a phostálann tuismitheoirí go minic, amhail ainm a linbh, dáta breithe a linbh, ainm scoil a linbh, nó ainm na foirne spóirt is fearr leo, is féidir mí-úsáid a bhaint aisti chun pasfhocail a haiceáil nó le haghaidh camscéimeanna calaoise aitheantais. Mheas Barclays freisin gurb amhlaidh faoin mbliain 2030 a bheidh comhroinnt íomhánna dá leanaí ag tuismitheoirí mar chúis le dhá thrian den chalaois aitheantais, agus thart ar 7 milliún eachtra de bhradaíl aitheantais agus os cionn £670 milliún i gcalaois ar líne déanta dá barr.[4]
Ná déan dearmad: Nuair a chomhroinneann tú a saol ar líne, cruthaíonn tú baol go gcomhroinnfear a sonraí pearsanta leis an domhan mór. Smaoinigh sula bpostálann tú.
[2] Foinse: Tuarascáil ón bhFondúireacht Leanaí: IS giniúnach, arm nua na coireachta péidifileach, Deireadh Fómhair 2024 (Rapport de la Fondation pour l’enfance, l’IA generative, nouvelle arme de la pédocriminalité, DF 2024) (mar a luaitear ar www.cnil.fr)
[3] Féach an tuairisc: 'Sharenting' puts young at risk of online fraud, Bealtaine 2018.
[4] Ibid
Cúlra faoin tionscadal “sharenting” idir an Coimisiún um Chosaint Sonraí agus CNIL
I mí na Samhna 2025, sheol an Coimisiún um Chosaint Sonraí a fheachtas “Smaoinigh sula bPostálann Tú” chun feasacht a mhúscailt ar na rioscaí féideartha agus na hiarmhairtí féideartha a bhaineann le “sharenting” – an nós atá ag tuismitheoirí faisnéis phearsanta a leanaí agus grianghraif agus físeáin dá leanaí a chomhroinnt ar líne go tráthrialta.
Cuireadh an tionscnamh sin i gcrích i gcomhar le CNIL, ár macasamhail sa Fhrainc. Mar dhá Údarás Cosanta Sonraí atá tiomanta do leanaí a chosaint ar líne, do thacú leis an litearthacht dhigiteach agus do thuismitheoirí a chumhachtú, rannchuidíonn an feachtas sin le tosaíochtaí straitéiseacha reatha an dá eagraíocht.
I suirbhé ar thuismitheoireacht dhigiteach a rinne an Grúpa Oibre Oideachais Dhigitigh de chuid an Tionóil Dhomhanda Príobháideachais, ar grúpa oibre idirnáisiúnta é, sa bhliain 2024, tarraingíodh aird ar “sharenting” mar thopaic thábhachtach atá ag teacht chun cinn agus atá ag déanamh dochar do chearta leanaí agus dá sonraí pearsanta.
Mheas an dá Údarás Cosanta Sonraí go mbeadh sé tábhachtach feasacht a mhúscailt i measc tuismitheoirí ar an gcleachtas sin, a bhíonn ag éirí níos coitianta agus ar féidir leis iarmhairtí diúltacha a bheith aige do phríobháideacht leanaí, dá neamhspleáchas agus dá bhfolláine mhothúchánach.
Cuspóir an fheachtais
Is é cuspóir an fheachtais seo ná feasacht a mhúscailt ar na rioscaí a bhaineann le sonraí pearsanta a leanaí a bheith á bpostáil ar líne ag tuismitheoirí. Is é is sonraí pearsanta ann ná aon chineál faisnéise a chabhraíonn le duine éigin a shainaithint. Is féidir le rudaí amhail ainm, seoladh agus aois duine a bheith ar áireamh leis an bhfaisnéis sin, ach is féidir le rudaí amhail grianghraif/físeáin, taifeadtaí gutha, faisnéis faoi shláinte agus folláine duine, agus faisnéis faoi na rudaí a thaitníonn leo agus nach dtaitníonn leo a bheith ar áireamh léi freisin.
Nuair a chuirtear an fhaisnéis ar fad sin le chéile, cruthaítear lorg digiteach den ghníomhaíocht ar líne de chuid duine. Nuair a chomhroinneann siad íomhánna, físeáin agus aon chineál ábhair ina bhfuil leanaí, bíonn tuismitheoirí ag cruthú lorg digiteach don leanbh (gan a fhios do na tuismitheoirí ina lán cásanna). Is féidir le drochghníomhaithe an fhaisnéis sin a chur le chéile go héasca agus is féidir leis sin rioscaí tromchúiseacha príobháideachta agus sábháilteachta a chruthú.




