Sharenting - Príomhleideanna

21st Mí na Samhna 2025

Measann a lán tuismitheoirí gur bealach chun nascadh go dearfach le cairde agus le baill teaghlaigh é garspriocanna tábhachtacha a phostáil agus a chomhroinnt, ach tá sé tábhachtach a chur san áireamh nach féidir le comhroinnt ar líne a bheith lánsábháilte riamh agus go bhfuil a lán rioscaí ag baint léi.

Bealach maith chun an t-eolas is deireanaí a chomhroinnt le cairde agus le baill teaghlaigh is ea iad a chomhroinnt trí aipeanna slána cur teachtaireachtaí meandracha príobháideacha. Tá sé níos éasca ar an mbealach sin freisin a iarraidh ar do chairde agus ar do bhaill teaghlaigh gan grianghraif ná físeáin de do leanbh a chomhroinnt ar líonraí sóisialta gan do thoiliú/gan toiliú do linbh.

Más amhlaidh a roghnaíonn tú faisnéis faoi do leanbh a chomhroinnt ar líne, molann an Coimisiún um Chosaint Sonraí na leideanna praiticiúla seo a leanas chun na rioscaí a theorannú.

Cuir teorainn leis an sprioclucht féachana

Sula bpostálann tú faoi do leanbh ar líne, tá sé tábhachtach a chinntiú go bhfuil tú compordach faoi cé hiad na daoine a mbeidh rochtain acu ar an bhfaisnéis sin.

Ligeann ardáin meán sóisialta duit d’ábhar a spriocdhíriú ar lucht féachana ar leith trí na socruithe príobháideachta. Seo iad bealaí ar féidir leat srian a chur ar strainséirí rochtain a fháil ar fhaisnéis phríobháideach faoi do leanbh:

  • Do phróifíl a shocrú chuig socrú “Príobháideach”.

  • Gan postálacha a chomhroinnt ach amháin le lucht féachana teoranta, e.g., trí liosta “dlúthchairde” a chruthú.

  • Do leantóirí/do chairde ar na meáin shóisialta a athbhreithniú ar bhonn tréimhsiúil agus a fhiafraí díot féin “an duine é seo a mbeinn sásta grianghraf de mo leanbh a chomhroinnt leis nó nach ea”? Mura mbeifeá compordach déanamh amhlaidh, scrios an duine sin.

Tá tábhacht leis an suíomh

Trí shocruithe geoshuímh a chur as agus íomhánna de do leanbh á bpostáil agat, is féidir cabhrú le méid na faisnéise príobháidí atá á comhroinnt agat ar na meáin shóisialta a íoslaghdú. Fiú nuair atá gnéithe teicniúla geoshuímh díchumasaithe agat, tá sé tábhachtach a chinntiú nach gcuimsíonn an íomhá aon fhaisnéis eile a d’fhéadfadh do shuíomh a léiriú go beacht. Seo a leanas roinnt cásanna coitianta ar cheart duit smaoineamh orthu:

  • Má thóg tú an grianghraf lasmuigh de do dhoras tosaigh, an féidir d’uimhir tí a fheiceáil nó an bhfuil aon sainchomharthaí in-sainaitheanta ann sa chúlra a d’fhéadfadh a chur in iúl cá háit a gcónaíonn tú?

  • Má thóg tú grianghraf ar thailte scoile nó i gclub spóirt, an féidir ainm na scoile/an chlub a fheiceáil in áit ar bith sa chúlra a d’fhéadfadh suíomh do linbh a léiriú?

Ná comhroinn an iomarca

Smaoinigh ar íogaireacht na faisnéise atá á postáil agat, bíodh sí faoi shláinte do linbh nó faoin dul chun cinn atá á dhéanamh aige nó aici ar scoil nó bíodh grianghraf den leanbh agus é nó í ar an trá inti, agus smaoinigh ar na rioscaí a bhaineann leis an bhfaisnéis sin a chomhroinnt le lucht féachana leathan (ina bhfuil daoine nach bhfuil aithne agat orthu ina lán cásanna).

Is dea-riail láimhe í seo: mura dtabharfá cóip fhisiciúil den ghrianghraf sin do dhuine ar bith nach bhfuil aon aithne agat air nó uirthi sa tsráid, ná postáil ar líne é.

Má roghnaíonn tú grianghraif nó físeáin de do leanbh a phostáil ar líne, smaoinigh ar na nithe seo a leanas:

  • A chinntiú go bhfuil aghaidh do linbh clúdaithe/folaithe*, nó aghaidh do linbh a choinneáil ar shiúl ón gceamara

  • Aon fhaisnéis in-sainaitheanta eile a dhéanamh doiléir (e.g., suaitheantas na scoile, ainm an chlub spóirt)

  • Gan aon fhaisnéis bhreise neamhriachtanach a chur leis sna fotheidil agus gan do shuíomh a chlibeáil

*Roghnaíonn a lán tuismitheoirí aghaidh a linbh a chlúdach le emoji sula ndéanann siad postáil. Cé gur féidir leis sin cabhrú le príobháideacht an linbh a chaomhnú, is féidir leis freisin muinín gan bhonn a thabhairt do thuismitheoirí toisc nach réiteach draíochta é chun leanaí agus a sonraí pearsanta a choinneáil slán. Ar thaobh amháin, is féidir gur leor emoji a chur thar aghaidh linbh i suíomh ginearálta nach bhfuil aon fhaisnéis in-sainaitheanta eile ann. Mar sin féin, is féidir rioscaí a bheith ag baint fós le grianghraf ina bhfuil aghaidh an linbh clúdaithe le emoji, ach a bhfuil suíomh clibeáilte leis fós agus a bhfuil ainm an linbh le feiceáil san fhotheideal aige. Smaoinigh go criticiúil ar cad go díreach atá á phostáil agat, agus ar mhéid na faisnéise atá ar áireamh ann.

Labhair le do leanbh

Tá sé tábhachtach go mbeadh plé oscailte agat le do leanbh sula bpostálfá faisnéis faoi nó fúithi ar na meáin shóisialta. Ná déan dearmad gurb iad sonraí pearsanta an linbh na sonraí pearsanta atá á gcomhroinnt agat, agus ní do chuid sonraí pearsanta féin.

Má tá do leanbh ar aois ar ar féidir leis nó léi na himpleachtaí atá ag baint lena chuid faisnéise nó lena cuid faisnéise a bheith á comhroinnt ar líne a thuiscint, tá sé tábhachtach a thoiliú nó a toiliú a lorg sula bpostálann tú. Trí chumarsáid a dhéanamh le do leanbh, is féidir libh a chinneadh le chéile cén cineál faisnéise atá sibh beirt sásta a chomhroinnt ar an Idirlíon. Má tá do leanbh ró-óg chun na himpleachtaí sin a thuiscint, smaoinigh óna thaobh nó óna taobh féin de an rud é sin a mbeadh seisean nó sise sásta, agus é nó í níos sine, gur chomhroinn tú é nó nach mbeadh.

Caith súil ar do phostálacha

Is dea-smaoineamh é súil a chaitheamh go tráthrialta ar na postálacha atá comhroinnte agat ar na meáin shóisialta agus aon ghrianghraif, aon fhíseáin nó aon fhaisnéis faoi do leanbh nach bhfuil tusa, seisean nó sise compordach a chomhroinnt a thuilleadh a scriosadh.