Leanaí agus cosaint sonraí: Machnamh ar Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte

08th Mí Feabhra 2022

Inniu an 19ú eagrán de Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte, tionscnamh sábháilteachta ar líne a cheiliúrtar ar fud an domhain chun feasacht an phobail a dhíriú ar an tábhacht a bhaineann le sábháilteacht ar líne agus chun idirlíon níos sábháilte a spreagadh do chách, go háirithe leanaí.

Ar go leor bealaí, tá na spriocanna atá ag Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte ag teacht le gnéithe áirithe d’obair an DPC. Mar údarás neamhspleách na hÉireann atá freagrach as seasamh le cearta cosanta sonraí daoine aonair, tá oibleagáid reachtúil ar an DPC feasacht agus tuiscint an phobail a chur chun cinn faoi na rioscaí, rialacha, cosaintí agus cearta atá ann maidir le próiseáil sonraí pearsanta, sa saol ar líne san áireamh, agus baineann sé seo le leanaí go háirithe.

Tagann forbairt ar an timpeallacht dhigiteach go tapa agus mar sin tá sé thar a bheith tábhachtach do leanaí go mbeidh an tuiscint, an t-eolas agus na scileanna acu chun déileáil leis na dúshláin agus na rioscaí (maidir le húsáid a gcuid sonraí pearsanta san áireamh) a thagann as an idirghníomhú a dhéanann siad leis na haipeanna is déanaí agus seirbhísí ar líne agus seirbhísí ceangailte. Cé go gcuireann Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte san áireamh imní níos leithne maidir le sábháilteacht ar líne atá lasmuigh de chúram an DPC, ar nós ábhar dochrach ar líne agus cibearbhulaíocht, is léir gur is ionann sábháilteacht ar líne agus cosaint sonraí. Mar shampla, má tá tú ar an eolas faoi na rioscaí a bhaineann le do shonraí pearsanta a roinnt le strainséirí ar líne, dar ndóigh cuirfidh sé seo le do shábháilteacht ar líne (agus, cinnte, sa saol mar atá).

An obair déanta ag an DPC ar cheisteanna leanaí in 2021

Tá comhréim tábhachtach idir Lá le haghaidh Idirlíon níos Sábháilte agus obair an DPC i gceist leis an bhéim a chuireann siad ar leanaí a chosaint sa timpeallacht dhigiteach. I mí na Nollag seo caite, chur an DPC críoch le treoir d’eagraíochtaí ar chearta cosanta sonraí leanaí dar teideal “Leanaí sa Tosach agus sa Lár: Bunphrionsabail le haghaidh Cur Chuige a Dhíríonn ar Leanaí maidir le Próiseáil Sonraí”, nó “na Bunphrionsabail” go gairid. Leagann an treoir seo amach 14 prionsabal cosanta sonraí léirmhínitheacha a bhaineann go sonrach le leanaí agus roinnt bearta a mholtar a fheabhsóidh an leibhéal cosanta a thugtar do leanaí ar na rioscaí cosanta sonraí atá rompu sa saol ar líne. Foilsíodh na Bunphrionsabail ar dtús mar dhréacht ag deireadh 2020 agus rinneadh comhairliúchán fairsing poiblí orthu sa chéad ráithe de 2021 ionas go mbeadh deis ag páirtithe leasmhara sna hearnálacha poiblí, príobháideach agus sibhialta trácht agus aighneachtaí a dhéanamh ar an dréacht-threoir. Chomh maith leis seo, d’fhoilsigh an DPC tuarascáil mionsonraithe ar leith ar na fhreagraí a fuarthas leis an gcomhairliúchán i mí na Samhna 2021. Leis an gcur chuige seo, a tógadh ar dhá chomhairliúchán poiblí roimhe sin (lena n-áiríodh sruth ar leith dírithe ar leanaí iad féin a chloisteáil) maidir le cearta cosanta sonraí leanaí in 2018-19, bhí an DPC in ann réimse tuairimí chomh leathan agus is féidir a chur san áireamh agus an treoir seo a chur ar fáil.

Chomh maith lena obair ar na Bunphrionsabail, glacann an DPC páirt ghníomhach i go leor tionscnaimh eile ag leibheál náisiúnta agus idirnáisiúnta maidir le cearta cosanta sonraí agus sábháilteacht ar líne do leanaí. Tá an DPC ar an gComhairle Chomhairleach Náisiúnta um Shábháilteacht ar Líne (NACOS), a thugann comhairle do Rialtas na hÉireann ar cheisteanna sábháilteachta ar líne. Déanann an DPC ionadaíocht d’Éire chomh maith ar an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, a thosaigh obair tábhachtach le déanaí ar shraith treoirlínte AE ar chearta cosanta sonraí leanaí, a dhéanfaidh iarracht comhoiriúnú a thabhairt maidir le conas a dtugtar aghaidh ar cheisteanna cosanta sonraí leanaí trasna an AE. In 2021, tugadh cuireadh don DPC chomh maith dul isteach i mBord Comhairleach de thionscadal nua á mhaoiniú ag an gCoimisiún Eorpach, dar teideal euCONSENT. Iarrann an tionscadal seo saol digiteach níos sábháilte a chruthú do leanaí trasna an AE trí infreastruchtúr trasna na hEorpa a fhorbairt chun fíordheimhniú aoise idir-inoibritheach agus meicníochtí toiliú tuistí a éascú.

Labhraíonn foireann an DPC go rialta chomh maith ag imeachtaí seachtracha agus díospóireachtaí phainéil maidir le sábháilteacht leanaí ar líne. I mí na Bealtaine seo caite, tháinig an DPC roimh Chomhchoiste an Oireachtais ar na Meáin, Turasóireacht, na hEalaíona, Cultúr, Spórt agus an Ghaeltacht chun fianaise a thabhairt mar chuid de scrúdán réamhreachtaíochta an Choiste ar an mBille um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán. Chuir foireann an DPC roinnt físeán mínithe ar fáil chomh maith ar chosaint sonraí don “Digital Ready Hub” de chuid an ISPCC, tairseach faisnéise ar cheisteanna maidir le sábháilteacht leanaí ar líne, a seoladh i mí Aibreáin 2021.

Ag féachaint ar aghaidh

Ag tabhairt aghaidh ar an todhchaí, tá rún ag an DPC móiminteam na hoibre a rinne sé ar chearta cosanta leanaí le cúpla bliain anuas a choinneáil. Léirítear é seo ina straitéis rialála a fhoilsíodh ag deireadh na bliana seo caite, a luann cosaint leanaí agus grúpaí leochaileacha mar phríomhthosaíocht polasaithe. Sna míonna le teacht, tá rún ag an DPC sraith ábhar treorach a fhoilsiú go speisialta do leanaí chun prionsabail bunúsacha cosanta sonraí a mhíniú agus chun cabhrú le leanaí a gcearta cosanta sonraí a fheidhmiú. Trí leanaí a chur ar a gcumas mar ábhair sonraí, déantar beart ríthábhachtach i saol níos sábháilte ar líne a chruthú, ina déantar seirbhísí ar líne a úsáideann leanaí a dearadh le sábháilteacht an linbh chun tosach.

Tá an DPC ag súil go mór lena obair sa réimse tábhachtach seo a leanúint agus lena rannpháirtíocht leanúnach le páirtithe leasmhara i gcúrsaí sábháílteachta ar líne agus cosanta sonraí i rith 2022 agus níos faide.