Foilsíonn an DPC an leagan deireanach de “Bhunphrionsabail” Leanaí

17th Mí na Nollag 2021

Inniu d’fhoilsigh an Coimisiún um Chosaint Sonraí (DPC) an leagan deireanach dá threoir “Leanaí sa Tosach agus sa Lár: Bunphrionsabail le haghaidh Cur Chuige a Dhíríonn ar Leanaí maidir le Próiseáil Sonraí” (na Bunphrionsabail). Is toradh é seo de dhianthuarascáil le linn 3 bliain anuas, ina raibh 3 próiseas éagsúla maidir le comhairliúchán idir páirtithe leasmhara (comhairliúchán díreach le leanaí san áireamh), rannpháirtíocht le saineolaithe sa réimse cearta leanaí, taighde leathan agus próiseas dréachtaithe dáchéimeach. Leis na Bunphrionsabail tugtar isteach bearta cosanta sonraí a bhaineann go sonrach le leanaí lena gcuirfear feabhas ar an leibhéal cosanta a thugtar do leanaí ar na rioscaí um próiseáil sonraí a chuirtear rompu trína n-úsáid as/rochtain ar sheirbhísí sa saol ar líne agus sa saol as líne araon. Chomh maith leis seo, beidh na Bunphrionsabail ina gcuidiú d’eagraíochtaí a phróiseálann sonraí leanaí, trí shoiléireacht a thabhairt ar na prionsabail, a thagann as na hoibleagáidí ardleibheil faoin GDPR, a bhfuil an DPC ag súil go gcloífidh na heagraíochtaí sin leo.

Thosaigh obair ar na Bunphrionsabail ag deireadh 2018 le seoladh comhairliúcháin poiblí dhá shruth. D’iarr Sruth 1 tuairimí daoine fásta leasmhara, lena n-áirítear tuismitheoirí, oideoirí, eagraíochtaí agus tionscal cearta leanaí, i measc daoine eile, ar chroícheisteanna cosanta sonraí a bhaineann le leanaí trí dhoiciméad comhairliúcháin traidisiúnta ar líne. Rinne Sruth 2 iarracht dul i dteagmháil go díreach le leanaí agus daoine óga sa seomra ranga trí phróiseas comhairliúcháin a dearadh go speisialta.

Tar éis taighde domhain acadúil agus polasaí agus anailís dlíthiúil le cúpla mí anuas, chomh maith le tuilleadh rannpháirtíochta le príomhpháirtithe leasmhara sa réimse cearta leanaí, i mí na Nollag 2020, d’fhoilsigh an DPC dréachtleagan de na Bunphrionsabail agus reachtáil sé comhairliúchán poiblí ar an doiciméad idir an 18 Nollaig 2020 agus 31 Márta 2021, chun deis a thabhairt do pháirtithe leasmhara a dtuairimí a chur in iúl. San iomlán, fuarthas 27 aighneacht mar fhreagra ar an gcomhairliúchán seo. Tháinig an rannpháirtíocht ó pháirtithe leasmhara i réimse leathan earnálacha, lena n-áiriítear cuideachtaí teicneolaíochta agus meán sóisialta, carthanais cearta leanaí, comhlachtaí na hearnála poiblí agus comhlachais trádála. Foilsíodh tuarascáil mhionsonraithe i mí na Samhna 2021 ar na haighneachtaí a fuarthas mar fheagra ar an gcomhairliúcháin poiblí seo, chomh maith le freagraí an DPC ar na ceisteanna éagsúla de réir téamaí a tháinig chun cinn.

Tá an-tionchar ar an leagan deireanach de na Bunphrionsabail ag comhairliúcháin suntasacha, ionchur saineolaithe agus aighneachtaí páirtithe leasmhara, lena n-áirítear leanaí iad féin, agus is céim thábhachtach í ó thaobh caighdeáin níos airde a bhaint amach maidir le cosaint sonraí pearsanta leanaí mar a éilítear faoin GDPR. Tá rún daingean ag an DPC athrú a chur chun cinn maidir le conas a phléitear le sonraí pearsanta leanaí agus tá na Bunphrionsabail tábhachtach mar chéim aistir san fhorbairt seo.

Tá feidhm agus éifeacht oibríochtiúil láithreach ag na Bunphrionsabail, agus anois cruthaíonn siad an bunús le cur chuige an DPC maidir le maoirseacht, rialú agus forfheidhmiú i dtaca le sonraí pearsanta leanaí a phróiseáil. Is féidir an treoirdhoiciméad iomlán a fháil anseo (as Béarla).

Obair go dtí seo ar na Bunphrionsabail le haghaidh Cur Chuige a Dhíríonn ar Leanaí maidir le Próiseáil Sonraí: