Bígí Eolach ar bhur gCearta agus Cuirigí bhur dTuairimí in Iúl! Comhairliúchán arna reáchtáil ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí maidir le Próiseáil Sonraí Pearsanta Leanaí agus Cearta Leanaí mar Ábhair Shonraí faoin RGCS

28th Mí Eanair 2019

Sheol an Coimisiún um Chosaint Sonraí an dara sruth dá chomhairliúchán poiblí maidir le próiseáil sonraí pearsanta leanaí agus cearta leanaí mar ábhair shonraí faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Is é aidhm an tsrutha seo den chomhairliúchán, a bhfuil an Coimisiún um Chosaint Sonraí ag fáil tacaíocht ó Oifig an Ombudsman do Leanaí ann, ná páirt dhíreach a thabhairt do leanaí sa chomhairliúchán agus iad sa seomra ranga.

Chuir an Coimisiún um Chosaint Sonraí pacáiste ábhar comhairliúcháin le chéile, lena n-áirítear plean ceachta a ullmhaíodh go speisialta ar shonraí pearsanta agus cearta cosanta sonraí i gcomhthéacs na meán sóisialta. Beidh na cuirí le páirt a ghlacadh ins an gcomhairliúchain ag úsáid na hábhair seo á seoladh le ríomhphost chuig na scoileanna agus na hionaid Ógtheagmhála go léir sa tír le linn na seachtaine seo. Is féidir na hábhair a íoslódáil thíos.

Tá sé mar aidhm ag na hábhair chomhairliúcháin cabhrú le múinteoirí plé a dhéanamh lena gcuid daltaí ar choincheap na sonraí pearsanta agus na gceart cosanta sonraí i gcomhthéacs na meán sóisialta agus tá na hábhair seo á cuireadh le ríomhphost chuig gach scoil agus Ionad Ógtheagmhála. I gcomhar le hOifig an Ombudsman do Leanaí, forbraíodh na hábhair lena n-úsáid sa seomra ranga le leanaí agus daoine óga atá 8 mbliana d’aois nó níos sine. Thástáil an Coimisiún um Chosaint Sonraí iad le haoisghrúpaí difriúla le linn roinnt ceardlann treorach ar éascaigh Oifig an Ombudsman do Leanaí iad i mí Dheireadh Fómhair 2018.

Agus na hábhair á n-úsáid acu, beidh múinteoirí in ann cabhrú lena gcuid daltaí rannchuidiú le comhairliúchán poiblí an Choimisiúin um Chosaint Sonraí ach deis a thabhairt dóibh a dtuairimí féin a thabhairt ar shaincheisteanna tábhachtacha. Chun déanamh amhlaidh, tá tacar de shé phóstaer aiseolais i bhfoirm PDF á chur ar fáil do mhúinteoirí ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí. Tá ceist amháin ann i ngach póstaer aiseolais. Iarraimid ar mhúinteoirí tacar amháin de phóstaeir aiseolais in aghaidh an ranga a chomhlánú agus freagraí an ghrúpa ranga ina iomláine a thaifeadadh ann. Dá bhrí sin, iarraimid nach ndéanfaidh gach rang ach tacar amháin de phóstaeir aiseolais a chur isteach. Beidh tuairimí na ndaltaí sin ina gcuid dhílis d’obair an Choimisiúin um Chosaint Sonraí ar threoir a chur le chéile maidir le saincheisteanna a bhaineann le cosaint sonraí agus leanaí.

Glacfar le haighneachtaí i dtaca leis an sruth seo den chomhairliúchán go dtí an Aoine an 12 Aibreán 2019. Táimid ag súil le d’aighneacht a fháil!

Plean Ceachta

Sleamhnáin don Phlean Ceachta

Póstaer