Comhairliúchán Poiblí maidir le próiseáil sonraí pearsanta leanaí agus cearta leanaí mar ábhair shonraí faoin RGCS

19th Mí na Nollag 2018

Comhairliúchán Poiblí maidir le próiseáil sonraí pearsanta leanaí agus cearta leanaí mar ábhair shonraí faoin RGCS

Tá comhairliúchán poiblí á reáchtáil ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (CCS) maidir le próiseáil sonraí pearsanta leanaí agus cearta leanaí mar ábhair shonraí faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS).

Iarrann an CCS ar aon pháirtí lena mbaineann sé aighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh mar fhreagairt ar dhoiciméad comhairliúcháin ar líne a aithníonn na ceisteanna faoi leith ar a lorgaítear tuairimí. Ag eascairt ón gcomhairliúchán, cuirfidh an CCS sraith ábhair threorach ar fáil i dtaca le leanaí agus cosaint sonraí.

Tá sé beartaithe ag an CCS ábhar uile na n-aighneachtaí a gheofar mar chuid den sruth seo den chomhairliúcháin agus aitheantas an pháirtí a mbeidh an aighneacht á déanamh aige nó aici (murar duine aonair an páirtí sin agus go bhfuil sé iarrtha go sainráite aige nó aici gan a ainm nó a hainm a thabhairt) a fhoilsiú.

Íoslódáil an doiciméad comhairliúcháin

Is féidir aighneachtaí i scríbhinn a sheoladh le ríomhphost chuig childrensconsultation@dataprotection.ie. De rogha air sin, is féidir aighneachtaí a chur sa phost chuig: Comhairliúchán Leanaí, An Coimisiún um Chosaint Sonraí, 21 Cearnóg Mhic Liam, Baile Átha Cliath 2.

Is é Dé hAoine an 5 Aibreán 2019 an dáta deiridh chun freagartha a chur isteach.