Cás-Staidéir don DPC
Ar an leathanach seo tá naisc le cás-staidéir a léiríonn obair na n-aonad láimhseála gearáin sa DPC agus na cur chuige a glacadh maidir le réimse ceisteanna a bhaineann le cosaint sonraí.
Sna naisc tá cás-staidéir a bhí mar chuid dár dtuarascálacha bliantúla, chomh maith le cás-staidéir nua nár roinneadh roimhe seo. Tugann na cás-staidéir seo léargas ar roinnt de na ceisteanna a scrúdaíonn an DPC ó lá go lá.
Cuimhnigh, le do thoil, gur achoimrí gearra iad na cás-staidéir seo, agus ullmhaíodh iad chun aird a tharraingt ar ábhair áirithe. De bharr riachtanas, fágadh roinnt sonraí ar lár. Déantar gach cás atá scrúdaithe ag an DPC a láimhseáil i bhfianaise a chuid fíricí agus cúinsí féin.