Cosaint sonraí – ní ceart absalóideach í

08th Mí na Samhna 2019

Is ceart bunúsach é an ceart cosanta sonraí a leagtar amach in Airteagal 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ina luaitear:

  • Tá ag gach duine an ceart go ndéanfar na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a chosaint.
  • Ní mór sonraí den sórt sin a phróiseáil go cóir ar mhaithe le cuspóirí sonracha agus ar bhonn thoiliú an duine i dtrácht nó ar bhonn dlisteanach éigin eile arna leagan síos le dlí. Tá ag gach duine an ceart chun rochtain a fháil ar shonraí atá bailithe agus a bhaineann leis nó léi, agus an ceart go ndéanfar na sonraí sin a cheartú.
  • Beidh comhlíonadh na rialacha sin faoi réir a rialaithe ag údarás neamhspleách.

Fágann sé seo go bhfuil ag gach duine an ceart go ndéanfar a gcuid sonraí pearsanta a chosaint, a úsáid i mbealach a bhfuil cothrom agus dleathach, agus gcuirfear iad ar fáil dó/di nuair a iarrann sé/sí cóip dóibh. Má cheapann duine aonair go bhfuil a s(h)onraí pearsanta mícheart, tá sé de cheart aige/aici a iarraidh go gcuirfí an fhaisnéis sin i gceart.

Faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) tá ag daoine aonair:

  • An ceart chun faisnéis a fháil
  • An ceart chun rochtain a fháil
  • An ceart go gcuirfí i gceart
  • An ceart go ndéanfaí léirscriosadh (‘an ceart go ligfí i ndearmad’)
  • An ceart go gcuirfí srian le próiseáil
  • An ceart chun iniomparthacht sonraí
  • An ceart chun agóid a dhéanamh i gcoinne próiseáil sonraí pearsanta
  • Cearta maidir le cinnteoireacht aonair uathoibrithe, próifíliú san áireamh

Is féidir tuilleadh eolais ar chearta daoine aonair faoin RGCS a fháil anseo.

Srianta

Tá sé tábhachtach, áfach, go léireofar nach ceart absalóideach é an ceart cosanta sonraí – caithfear i cothromaíocht a aimsiú i gcónaí idir an gceart seo agus cearta bunúsacha eile agus d’fhéadfadh go mbeadh cúinsí ann ina mbeidh cúis ag eagraíocht diúltú d’iarratas ó dhuine aonair chun a chearta cosanta sonraí a chur i bhfeidhm. Tá srianta áirithe sna cearta cosanta sonraí a leagtar amach san RGCS chomh maith; mar shampla:

  • Ní chóir go ndéanfadh do cheart chun rochtain a fháil ar do shonraí faoin cheart chun rochtain a fháil nó faoin cheart chun iniomparthacht sonraí dochar do chearta agus saoirsí daoine eile.
  • Tá cearta áirithe cosanta sonraí nach mbaineann ach i gcúinsí áirithe. Ní bhaineann an ceart go ndéanfaí léirscriosadh, mar shampla, ach faoi coinníollacha áirithe, mar shampla, i gcás nach gá na sonraí pearsanta a thuilleadh maidir leis an gcuspóir a bailíodh iad.
  • I gcásanna áirithe an-teoranta ligeann an RGCS d’eagraíochtaí táille réasúnta a ghearradh as freagra a thabhairt ar iarratas, nó fiú diúltú gníomhú ar iarratas, má tá sé soiléir go bhfuil an t-iarratas ‘iomarcach nó gan bhunús’.

Ceadaíonn Airteagal 23 den RGCS tuilleadh srianta ar chearta cosanta sonraí sa dlí náisiúnta, ach caithfidh na srianta seo cloí le liosta uileghabhálach riachtanais, aird a thabhairt ar chearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine aonair, agus caithfidh siad bheith riachtanach agus comhréireach chun cosaint a thabhairt do chuspóirí áirithe atá ar leas na sochaí nó leas an phobail.

Baineann roinnt de na srianta san Acht um Chosaint Sonraí 2018 le:

  • próiseáil a dhéantar chun críocha toghchán nó ag an gCoimisiún Reifrinn,
  • cosaint a thabhairt do rúndacht comh-aireachta,
  • riar na cánach agus na dleachta,
  • feidhmiú agus cosaint éileamh dlí,
  • sonraí pearsanta a bhaineann le tuairim a tugadh faoi rún.

Léigh: Cearta Ábhar Sonraí a Theorannú agus Airteagal 23 den Rialachán Ginearálta a Chur i bhFeidhm