Treochtaí Sáruithe Sonraí ón Chéad Bhliain den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí

21st Mí Deireadh Fomhair 2019

Is é aidhm an nóta faisnéise seo achoimre a thabhairt ar na treochtaí a thug an Coimisiún um Chosaint Sonraí faoi deara le linn an chéad bhliain den réisím a thug an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (an Rialachán Ginearálta) isteach, ina bhfuil riachtanas éigeantach tuairisciú a dhéanamh ar sháruithe. Gabhann na staitisticí agus na treochtaí a phléitear thíos gach tuairisc sáraithe sonraí a fuarthas le linn an chéad bhliain ón 25 Bealtaine 2018.

Ó tháinig an réisím nua tuairiscithe sáraithe isteach, thug Aonad Measúnaithe Sáraithe an Choimisiúin faoi anailís ar thuairiscithe sáraithe a fuarthas ó réimsí sna hearnálacha poiblí agus príobháideach, ina n-áirítear iad siúd ón: earnáil airgeadais; earnáil árachais; tionscal teileachumarsáide; tionscal sláinte; agus ó ghníomhaireachtaí um fheidhmiú an dlí. Is iad roinnt de na treochtaí agus ceisteanna a aithníodh trí na hathbhreithnithe seo a dhéanamh agus trí na tuairiscí a phróiseáil ná: tuairiscí déanacha; deacracht le measúnaithe a dhéanamh ar ghrádaithe riosca; loiceadh sárú a chur in iúl d’ábhair sonraí; tuairiscithe leantacha ar sháruithe; agus tuairisciú easnamhach.

Treochtaí Sáruithe Sonraí ón Chéad Bhliain den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí – Nóta Faisnéise Iomlán