Fiosrúchán ar Airbnb Ireland UC - Eanáir 2024

Dáta an Chinnidh: 31 Eanáir 2024

An 31 Eanáir 2024, tar éis fiosrúcháin maidir le gearán a fuarthas in aghaidh Airbnb Ireland UC (Airbnb), ghlac an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) cinneadh.

Thosaigh an Coimisiún an fiosrúchán sin tar éis gearán a fháil á rá gur iarr Airbnb go neamhdhleathach cóip d’aitheantas an Ghearánaigh (aitheantas) chun a chéannacht a fhíorú chun iarraidh léirscriosta a dhéanamh nuair a chinn sé scor den phróiseas clárúcháin. Mhaígh an Gearánach gur tharla sé, le linn dó clárú leis an ardán, gur iarr Airbnb cóip dá aitheantas chun an próiseas clárúcháin a chur i gcrích. D’iontráil an Gearánach a sheoladh ríomhphoist agus a uimhir theileafóin. Chuir sé tic le bosca freisin chun nach bhfaigheadh sé aon ríomhphoist fógraíochta. Luaigh an Gearánach gur chinn sé scor dá phróiseas clárúcháin nuair a iarradh air a dhoiciméid aitheantais a chur isteach. Sholáthair sé a sheoladh ríomhphoist agus chruthaigh sé pasfhocal chun rochtain a fháil ar limistéar inmheánach laistigh den ardán. Laistigh den limistéar sin, d’iarr sé ar Airbnb a shonraí pearsanta uile a scriosadh agus a chinntiú nach n-aistreofaí aon sonraí dá chuid chuig tríú páirtithe. Luaigh an Gearánach gur insíodh dó nach bhféadfaí a shonraí a scriosadh gan a aitheantas a fháil ar dtús. Luaigh sé nár mheas sé go raibh aon bhunús dlí leis an iarraidh ó Airbnb agus gur shárú ar an gceart a bhí aige go ndéanfaí léirscriosadh ar a shonraí pearsanta í an iarraidh sin.

Bhain raon feidhme an fhiosrúcháin le scrúdú agus measúnú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

  • Cé acu a bhí nó nach raibh bunús dleathach ag Airbnb le haitheantas an Ghearánaigh a iarraidh nuair a bhí cuntas á chlárú aige.
  • Cé acu a bhí nó nach raibh bunús dleathach ag Airbnb le cóip d’aitheantas an Ghearánaigh a iarraidh chun a chéannacht a fhíorú chun go mbeadh an Gearánach in ann a chuntas a scriosadh.
  • Cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon Airbnb prionsabal an íoslaghdaithe sonraí nuair a d’iarr sé cóip d’aitheantas an Ghearánaigh chun a chuntas a fhíorú agus le linn dó próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta a bhaineann leis an gcéanna.
  • Cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon Airbnb prionsabail na trédhearcachta agus an tsoláthair faisnéise nuair a bailíodh sonraí pearsanta an Ghearánaigh uaidh.

Ós rud é gurbh ionann an phróiseáil a bhí i gceist agus próiseáil “trasteorann”, bhí an cinneadh ón gCoimisiún faoi réir an tsásra comhair agus comhsheasmhachta atá leagtha amach in Airteagal 60 RGCS agus, de bhun Airteagal 60(3) RGCS, chuir an Coimisiún an dréachtchinneadh uaidh faoi bhráid na n-údarás maoirseachta lena mbaineann ar mhaithe le tuairim a fháil uathu. Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon agóidí ábhartha réasúnaithe in aghaidh an dréachtchinnidh ó na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann laistigh den tréimhse reachtúil, measadh gur aontaigh na húdaráis mhaoirseachta leis an dréachtchinneadh ón gCoimisiún agus tá siad faoi cheangal aige de réir Airteagal 60(6) RGCS. Ghlac an Coimisiún an cinneadh uaidh i ndáil leis an ngearán seo de réir Airteagal 60(7) RGCS.

Glacadh an cinneadh an 31 Eanáir 2024 agus taifeadtar na sáruithe seo a leanas ann:

  • Airteagal 5(1)(c) RGCS
  • Airteagal 6 RGCS

Chinn an Coimisiún gur tharla sé, in imthosca sonracha an ghearáin seo, nach raibh an leas dlisteanach a shaothraigh an rialaitheoir ina bhunús dleathach bailí faoi Airteagal 6 RGCS le cóip d’aitheantas an Ghearánaigh a iarraidh chun an iarraidh léirscriosta uaidh a phróiseáil. Ina theannta sin, chinn an Coimisiún gurb amhlaidh, sna himthosca ar leith a tháinig chun cinn i gcás an Ghearánaigh seo, a sháraigh Airbnb prionsabal an íoslaghdaithe sonraí, de bhun Airteagal 5(1)(c) RGCS, nuair a cheangail sé ar an nGearánach a aitheantas a fhíorú trí chóip dá aitheantas a chur isteach.

I bhfianaise na sáruithe ar Airteagal 5(1)(c) agus ar Airteagal 6, d’eisigh an Coimisiún iomardú chuig Airbnb de bhun Airteagal 58(2)(b) RGCS.

Thug an Coimisiún faoi deara gur scoir Airbnb ó shin i leith de chóip d’aitheantas a iarraidh chun iarrataí léirscriosta a fhíorú.

Thug an Coimisiún faoi deara freisin gur tugadh ordú i gCinneadh roimhe ón gCoimisiún á rá go ndéanfaí athbhreithniú ar bheartais agus nósanna imeachta inmheánacha Airbnb maidir le haitheantas a iarraidh sa phróiseas fíorúcháin d’úsáideoirí ardán Airbnb. Is é an toradh a bheidh ar an ordú sin, nuair a chomhlíonfar é, nach mbeidh ábhair sonraí thíos amach anseo le sáruithe ar Airteagal 5(1)(c) cosúil leis an gceann a tharla sa chás seo.

Le haghaidh tuilleadh eolais, léigh an cinneadh iomlán i mBéarla: Fiosrúchán ar Airbnb Ireland UC - Eanáir 2024 (PDF, 4.9 MB).