Fiosrúchán ar Microsoft Ireland Operations Limited – Samhain 2023

Dáta an Chinnidh: 15 Samhain 2023

An 15 Samhain 2023, tar éis fiosrúcháin i dtaca le gearán a fuarthas i gcoinne Microsoft Ireland Operations Limited (Microsoft), ghlac an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) cinneadh.

Thosaigh an Coimisiún an fiosrúchán an 29 Meitheamh 2023, de bhun gearán a fháil á rá nár chomhlíon Microsoft dhá iarraidh léirscriosta a chuir an Gearánach isteach i mí an Mhárta agus i mí Dheireadh Fómhair 2021.

Bhain raon feidhme an fhiosrúcháin le scrúdú agus measúnú a dhéanamh ar an méid seo a leanas:

  • Cé acu a láimhseáil nó nár láimhseáil Microsoft na hiarrataí léirscriosta ón nGearánach i gcomhréir le hAirteagail 12 agus 17 RGCS.

Ós rud é gurbh ionann an phróiseáil a bhí i gceist agus próiseáil “trasteorann”, bhí an cinneadh ón gCoimisiún faoi réir an tsásra comhair agus comhsheasmhachta atá leagtha amach in Airteagal 60 RGCS agus, de bhun Airteagal 60(3) RGCS, chuir an Coimisiún an dréachtchinneadh uaidh faoi bhráid na n-údarás maoirseachta lena mbaineann ar mhaithe le tuairim a fháil uathu.

Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon agóidí ábhartha réasúnaithe in aghaidh an dréachtchinnidh ó na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann laistigh den tréimhse reachtúil, measadh gur aontaigh na húdaráis mhaoirseachta leis an dréachtchinneadh ón gCoimisiún agus tá siad faoi cheangal aige de réir Airteagal 60(6) RGCS.

Ghlac an Coimisiún an cinneadh uaidh i ndáil leis an nGearán seo de réir Airteagal 60(7) RGCS. Glacadh an cinneadh an 15 Samhain 2023 agus taifeadtar na sáruithe seo a leanas ann:

  • Airteagal 12(4) RGCS

Cinneann an Coimisiún gur sháraigh Microsoft Airteagal 12(4) RGCS i ndáil leis an iarraidh léirscriosta a rinneadh i mí an Mhárta nuair a mhainnigh sé an Gearánach a chur ar an eolas faoin bhféidearthacht leigheas breithiúnach a iarraidh agus é ag tabhairt breac-chuntas dó ar na cúiseanna le gan aon ghníomh a dhéanamh, go páirteach, i leith na hiarrata léirscriosta ón nGearánach.

  • Airteagal 12(4) RGCS

Cinneann an Coimisiún gur sháraigh Microsoft Airteagal 12(4) RGCS i ndáil leis an iarraidh léirscriosta a rinneadh i mí Dheireadh Fómhair nuair a mhainnigh sé an Gearánach a chur ar an eolas faoin bhféidearthacht leigheas breithiúnach a iarraidh agus é ag tabhairt breac-chuntas dó ar na cúiseanna le gan aon ghníomh a dhéanamh i leith na hiarrata léirscriosta ón nGearánach.

  • Airteagal 17 RGCS

Cinneann an Coimisiún gur sháraigh Microsoft Airteagal 17 RGCS nuair a mhainnigh sé sonraí pearsanta a bhí ina n-ábhar don iarraidh léirscriosta a rinne an Gearánach i mí Dheireadh Fómhair 2021 a léirscriosadh gan moill mhíchuí.

Na Cumhachtaí Ceartaitheacha a Feidhmíodh:

  • Ordú a thabhairt, i gcomhréir le hAirteagal 58(2)(d) den RGCS, do Microsoft athbhreithniú a dhéanamh ar a bheartais agus a nósanna imeachta inmheánacha a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis atá le soláthar d’ábhair sonraí de bhun Airteagal 12, chun a chinntiú, i gcás go gcuirfidh sé ábhair sonraí ar an eolas de bhun iarrataí a rinneadh faoi Airteagail 15 go 22 RGCS gur chinn sé gan aon ghníomh a dhéanamh i leith na hiarrata, go gcuirfear ábhair sonraí ar an eolas i ngach cás faoin gceart atá acu chun leigheas breithiúnach a iarraidh. Sonraí de chomhlíonadh le cur ar fáil don Choimisiún faoin 7 Feabhra 2024.

  • Iomardú a eisiúint chuig Microsoft Ireland Operations Limited de bhun Airteagal 58(2)(b) RGCS de bharr na sáruithe a fuarthas.

Le haghaidh tuilleadh eolais, léigh an cinneadh iomlán i mBéarla: Fiosrúchán ar Microsoft Ireland Operations Limited – Samhain 2023 (PDF, 5.6mb)