Fiosrúchán ar TikTok Technology Limited – Aibreán 2025
02nd Mí Deireadh Fomhair 2025
Fiosrúchán ar TikTok Technology Limited – Aibreán 2025
(IN-21-9-2)
Dáta an Chinnidh: 30 Aibreán 2025
An 30 Aibreán 2025, ghlac Coimisiún na hÉireann um Chosaint Sonraí (‘an Coimisiún’) cinneadh críochnaitheach i bhfiosrúchán reachtúil dá dheoin féin maidir le Sonraí de chuid Úsáideoirí sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) a d’aistrigh TikTok Technology Limited (‘TikTok’) chuig an tSín. Rinneadh an fiosrúchán de réir an Achta um Chosaint Sonraí, 2018, agus Airteagal 60 den Rialachán Ginearálta ón Aontas Eorpach maidir le Cosaint Sonraí (‘RGCS’). Bhí an Coimisiún inniúil chun gníomhú mar phríomhúdarás maoirseachta i leith na próiseála a bhí i gceist, de bhun Airteagal 56 RGCS. Sular glacadh é, chuir an Coimisiún dréacht den chinneadh uaidh faoi bhráid na nÚdarás Maoirseachta lena mBaineann i mí Feabhra 2025, mar a cheanglaítear faoi Airteagal 60(3) RGCS. Níor tharraing na hÚdaráis Mhaoirseachta lena mbaineann aon agóidí (chun críche Airteagal 60(4) RGCS) in aghaidh an dréachtchinnidh.
Cúlra an Phróisis Fiosrúcháin
Ba é a bhí i gceist leis na haistrithe sonraí pearsanta a breithníodh sa Chinneadh ná na Sonraí de chuid Úsáideoirí in LEE a d’aistrigh TikTok chuig an tSín tríd an gcianrochtain a bhí ag pearsanra de chuid ghrúpa cuideachtaí ByteDance sa tSín ar na sonraí pearsanta sin. Breithníodh sa Chinneadh cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon na haistrithe sin Caibidil V RGCS. Breithníodh sa Chinneadh freisin cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh, maidir leis an bhfaisnéis a sholáthair TikTok d’úsáideoirí maidir le haistrithe den sórt sin, a chomhlíon sí ceanglais trédhearcachta TikTok mar a cheanglaítear le RGCS.
Achoimre ar Chinntí
Chinn an Coimisiún gur sháraigh TikTok Airteagal 46(1) RGCS le linn raon feidhme ama an Fhiosrúcháin nuair a mhainnigh sé a fhíorú, a ráthú agus a thaispeáint, agus é ag déanamh na nAistrithe Sonraí, gur tugadh do na sonraí pearsanta de chuid Úsáideoirí in LEE a bhí ina n-ábhar do na hAistrithe Sonraí leibhéal cosanta a bhí coibhéiseach go bunúsach leis sin a ráthaítear laistigh den Aontas Eorpach.
Chinn an Coimisiún gur sháraigh TikTok Airteagal 13(1)(f) RGCS ón 29 Iúil 2020 go dtí an 1 Nollaig 2022 nuair a mhainnigh sé faisnéis riachtanach a thabhairt d’ábhair sonraí faoi na hAistrithe Sonraí agus nuair a mhainnigh sé faisnéis a thabhairt dóibh gur bhain an phróiseáil leis an gcianrochtain a bhí ag pearsanra atá lonnaithe sa tSín ar shonraí pearsanta a stóráiltear i Singeapór agus sna Stáit Aontaithe.
Bearta Ceartaitheacha
Tar éis dó na sáruithe ar RGCS atá leagtha amach thuas a bhreithniú, chinn an Coimisiún na cumhachtaí ceartaitheacha seo a leanas a fheidhmiú de réir Airteagal 58(2) RGCS:
- Ordú de bhun Airteagal 58(2)(j) RGCS lena gceanglaítear ar TikTok Ireland na hAistrithe Sonraí a chur ar fionraí.
- Ordú de bhun Airteagal 58(2)(d) RGCS lena gceanglaítear ar TikTok Ireland an phróiseáil a chur i gcomhréir leis an reachtaíocht. Leis an ordú sin, ceanglaítear ar TikTok a áirithiú, a luaithe a thiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm, go scoirfear láithreach de phróiseáil a dhéanamh ar aon Sonraí de chuid Úsáideoirí in LEE atá lonnaithe sa tSín ag an am sin mar thoradh ar an Réiteach Cianrochtana.
- Dhá fhíneáil riaracháin de bhun Airteagal 58(2)(i) RGCS mar a leanas:
Fíneáil €485 mhilliún maidir le sárú TikTok ar Airteagal 46(1) RGCS.
Fíneáil €45 mhilliún maidir le sárú TikTok ar Airteagal 13(1)(f) RGCS.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, is féidir leat na nithe seo a leanas a íoslódáil:
- Achoimre iomlán ar an gcinneadh ag an nasc seo: Fiosrúchán ar TikTok Technology Limited – Aibreán 2025