Fiosrúchán ar an Roinn Coimirce Sóisialaí

IN-21-7-3

Dáta an Chinnidh: 9 Meitheamh 2025

Chuir an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) fiosrúchán i gcrích ar an bpróiseáil a bhí á déanamh ag an Roinn Coimirce Sóisialaí (an Roinn) ar theimpléid bhithmhéadracha aghaidhe agus ar an úsáid a bhí á baint ag an Roinn as teicneolaíochtaí gaolmhara aghaidh-mheaitseála mar chuid den phróiseas clárúcháin don Chárta Seirbhísí Poiblí, dá ngairtear “clárú SAFE 2”.

Cúlra

Thosaigh an Coimisiún an fiosrúchán seo dá dheoin féin i mí Iúil 2021, agus tháinig sé sna sála ar imscrúdú a rinne sé roimhe sin ar ghnéithe áirithe den phróiseáil a bhí á déanamh ag an Roinn ar shonraí pearsanta i dtaca le Cártaí Seirbhísí Poiblí a eisiúint. Ba é an toradh a bhí ar an imscrúdú sin ná imeachtaí dlíthiúla, ina ndearna an Roinn achomharc in aghaidh Fógra Forfheidhmiúcháin a d’eisigh an Coimisiún. Tarraingíodh an t-achomharc siar ina dhiaidh sin. Foilsíodh comhaontú comhpháirteach idir an Coimisiún agus an Roinn i mí na Nollag 2021, mar aon leis an tuarascáil imscrúdaithe deiridh ón bhfiosrúchán sin. Luadh sa tuarascáil imscrúdaithe deiridh go ndéileálfadh an Coimisiún ar leithligh le próiseáil sonraí pearsanta, lena n-áirítear sonraí bithmhéadracha, ag an Roinn i ndáil le clárú SAFE 2. Bunaíodh an fiosrúchán reatha chun scrúdú ar leithligh a dhéanamh ar an bpróiseáil sonraí bithmhéadracha faoi chlárú SAFE 2, mar a cuireadh in iúl sa tuarascáil imscrúdaithe deiridh.

An Réasúnaíocht is Bun leis an bhFiosrúchán

Tá clárú SAFE 2 éigeantach d’iarratasóirí ar Chárta Seirbhísí Poiblí, rud a theastaíonn chun rochtain a fháil ar raon seirbhísí de chuid na Roinne, lena n-áirítear íocaíochtaí leasa. Níl daoine aonair nach ndeachaigh faoi chlárú SAFE 2 in ann rochtain a fháil ar na seirbhísí sin. Is é atá i gceist leis an bpróiseas ná sonraí bithmhéadracha a bhailiú, a stóráil agus a phróiseáil, go háirithe teimpléid aghaidhe, i ndáil le sciar substaintiúil de dhaonra an Stáit. Ós rud é go bhfuil sonraí bithmhéadracha aicmithe mar shonraí catagóire speisialta faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), gabhann cosaintí agus coimircí breisithe leo.

Mar gheall ar chineál agus scála na próiseála, mheas an Coimisiún gur ghá don Roinn bunús dlí soiléir beacht a bheith aici don phróiseáil sin, mar aon le coimircí iomchuí chun sonraí pearsanta agus cearta bunúsacha daoine aonair a chosaint.

Raon Feidhme an Fhiosrúcháin

Bhí an fiosrúchán dírithe ar mheasúnú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

  • cé acu a bhí nó nach raibh bunús dleathach bailí ag an Roinn le haghaidh sonraí bithmhéadracha a bhailiú mar chuid de chlárú SAFE 2;
  • cé acu a choinnigh nó nár choinnigh an Roinn go dleathach sonraí bithmhéadracha a bailíodh mar chuid de chlárú SAFE 2;
  • cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon an Roinn a hoibleagáidí trédhearcachta i leith ábhair sonraí; agus
  • cé acu a bhí nó nach raibh an Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí a rinne an Roinn do chlárú SAFE 2 leordhóthanach.

Cinntí

Thángthas ar na conclúidí seo a leanas sa chinneadh ón gCoimisiún:

  • Mhainnigh an Roinn bunús dleathach bailí a shainaithint le haghaidh sonraí bithmhéadracha a bhailiú, agus í ag sárú Airteagail 5(1)(a), 6(1), agus 9(1) RGCS dá dheasca sin;
  • Dá bhrí sin, choinnigh an Roinn sonraí bithmhéadracha go neamhdhleathach de shárú ar Airteagal 5(1)(e) RGCS;
  • Níor sholáthair an Roinn faisnéis sách trédhearcach d’ábhair sonraí faoi chlárú SAFE 2, agus í ag sárú Airteagal 13(1)(c) agus 13(2)(a) RGCS dá dheasca sin; agus
  • Níor chuir an Roinn mionsonraí riachtanacha ar áireamh sa Mheasúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí, agus í ag sárú Airteagal 35(7)(b) agus (c) RGCS dá dheasca sin.

Na Cumhachtaí Ceartaitheacha a Feidhmíodh

D’fhorchuir an Coimisiún na smachtbhannaí seo a leanas:

  • Iomardú foirmiúil a eisiúint chuig an Roinn;
  • Fíneálacha riaracháin dar luach iomlán €550,000 a fhorchur; agus
  • Ordú a eisiúint lenar ceanglaíodh ar an Roinn scor de phróiseáil a dhéanamh ar shonraí bithmhéadracha a bhaineann le clárú SAFE 2 laistigh de naoi mí ach amháin i gcás go bhféadfaí bunús dleathach bailí a shainaithint.

Barúlacha Breise

Thug an Coimisiún faoi deara nach gceistítear sna cinntí ná sna bearta ceartaitheacha an prionsabal ná an beartas um chlárú SAFE 2 féin. Ina theannta sin, níor tháinig an fiosrúchán ar aon fhianaise á léiriú go raibh bearta neamh-leordhóthanacha slándála teicniúla nó eagraíochtúla á gcur chun feidhme ag an Roinn i ndáil le próiseáil sonraí bithmhéadracha.

Is féidir an cinneadh iomlán[1] a íoslódáil ag an nasc seo: Fiosrúchán ar an Roinn Coimirce Sóisialaí, Meitheamh 2025 (17MB, PDF).

 

[1] Ar mhaithe le hiomláine, thug an Coimisiún faoi deara nach é an soláthraí bogearraí aghaidh-mheaitseála dá dtagraítear sa Chinneadh an soláthraí a thuilleadh i ndáil leis an bpróiseáil sonraí bithmhéadracha a bhí ina hábhar don fhiosrúchán.