Do lorg digiteach a bhainistiú

06th Mí Feabhra 2024

Cad is lorg digiteach ann?

Is é is lorg digiteach ann ná an lorg faisnéise a fhágann tú i do dhiaidh ar líne agus tú ag nascleanúint idir na haipeanna, na suíomhanna Gréasáin agus na cluichí ar líne is fearr leat. Mar shampla:

  • Nuair atá tú ag sruthú ceoil,
  • Nuair atá tú ag postáil pictiúr ar na meáin shóisialta,
  • Nuair atá tú á chur in iúl ar líne gur maith leat na postálacha ó dhuine éigin eile,
  • Nuair atá tú ag clibeáil tú féin in áiteanna, nó
  • Nuair atá tú ag ceannach péire bróg reatha.

Rannchuidíonn na gníomhartha uile sin le do lorg digiteach. Is féidir le gach gníomh a dhéanann tú a bheith ina chuid de léargas foriomlán ar do ghníomhaíocht ar líne agus insíonn sé scéal fút. Leanann do lorg digiteach ar aghaidh ag fás de réir mar a idirghníomhaíonn tú ar líne.

 

Cad is féidir le do lorg digiteach a nochtadh fút?

Ina lán cásanna, is eol duit an cineál faisnéise a thugann tú ar aghaidh nuair a théann tú ar líne. Mar shampla, nuair a phostálann tú físeáin nó grianghraif díot féin, de do chairde nó de do bhaill teaghlaigh, nó nuair a thugann tú do sheoladh ríomhphoist do shuíomh Gréasáin chun rochtain réamhdhíola a fháil ar thicéid chuig gig. 

Áirítear le do lorg digiteach freisin, áfach, faisnéis fút a d’fhéadfadh nach mbeifeá ag súil léi. Mar shampla: 

  • Bailíonn suíomhanna Gréasáin faisnéis faoin líon uaireanta a thug tú cuairt ar shuíomh, faoi do láthair agus faoi do sheoladh IP.
  • Baineann ardáin meán sóisialta úsáid as na rudaí a gcuireann tú in iúl gur maith leat iad, as na rudaí a chomhroinneann tú agus as na nótaí tráchta a phostálann tú chun spriocdhíriú ort leis an inneachar sonrach a gceapann siad gur mhaith leat é a fheiceáil. 

Is féidir an fhaisnéis ar fad sin fút a rianú freisin.

 

Cén fáth ar mian le cuideachtaí áirithe an fhaisnéis ar fad sin fút a bhailiú?

Bailíonn roinnt cuideachtaí an fhaisnéis sin chun seirbhísí a phearsantú duit. Mar shampla:

  • Bailíonn ardáin sruthaithe teilifíse do shonraí pearsanta chun cuimhneamh ar cén eipeasóid atá sroichte agat ar shraith teilifíse ar leith nó chun cláir theilifíse a mholadh duit, bunaithe ar na cláir theilifíse ar amharc tú orthu cheana féin.
  • Déanann seirbhísí sruthaithe ceoil an céanna chun seinnliostaí molta a chruthú duit.
  • Baineann ardáin meán sóisialta úsáid as do shonraí chun inneachar a gceapann siad go bhfuil spéis agat ann a thaispeáint duit.

Ná déan dearmad, áfach, go bhfuil do chuid faisnéise ríluachmhar do na cuideachtaí sin. Baineann siad úsáid as an bhfaisnéis sin chun níos mó den inneachar ba mhaith leat a fheiceáil a thaispeáint duit agus chun tú a choinneáil ar an aip nó ar an ardán ar feadh tréimhse níos faide.

Ar an gcúis sin, ná déan dearmad choíche nach saor in aisce dáiríre iad aipeanna ‘saor in aisce’ toisc go bhfuil tú ag íoc astu le do chuid faisnéise.

 

An drochrud é lorg digiteach a fhágáil i do dhiaidh? 

Ní drochrud i gcónaí é lorg digiteach a fhágáil i do dhiaidh – is féidir leas a bhaint as in amanna. Mar shampla, má chuirtear isteach ort agus tú ag siopadóireacht ar líne, beidh na hearraí uile a bheidh roghnaithe agat sa chiseán fós tráth a fhilleann tú. Mar sin de, is féidir leis a bheith ina chabhair mhór ar roinnt bealaí.

An rud is tábhachtaí, áfach, is ea gur cheart duit a bheith ar an eolas faoi do log digiteach toisc go bhfuil sé sách buan agus gur féidir leis do chlú digiteach a mhúnlú, rud atá chomh tábhachtach le do chlú as líne.

 

Conas is féidir leat do lorg digiteach a theorannú

image of a puzzle piece with the number 18 in middle

Bí ionraic faoi d’fhíoraois

Ní mór d’ardáin meán sóisialta cosaintí sonracha a bheith i bhfeidhm acu le haghaidh sonraí pearsanta daoine óga. Tá na cosaintí sin ann chun d’eispéireas a fheabhsú agus a bhreisiú, agus ní chun é a theorannú. Bain leas as na cosaintí sin, mar sin de, trí d’fhíoraois a dhearbhú nuair atá tú ag clárú le haghaidh cuntais meán sóisialta.

This image shows a puzzle piece with the symbol i in the middle

Ná lig dóibh tú ‘a bhrú'

In amanna, déanann aipeanna iarracht tú ‘a bhrú’ chun níos mó faisnéise ná mar a theastaíonn uathu dáiríre a chomhroinnt. Mar shampla:

  • Is cnaipe réamhroghnaithe, geal agus dathannach é an cnaipe ar mhaith leo go gcliceálfá air agus is cnaipe níos doiléire agus níos doilí le léamh í an rogha eile, rud lena n-éilítear níos lú faisnéise.
  • Baineann aip úsáid as teanga spraíúil spreagúil amhail ‘Comhroinn grianghraf agus taispeáin do chách cé chomh hiontach agus atá tú!’ chun tú a spreagadh faisnéis a thabhairt.

Roghnaigh i gcónaí an rogha is fearr leat, agus ní an rogha is caoithiúla.

This image shows a puzzle piece with the icon of a hat and glasses

Socraigh do Phróifíl mar ‘Phróifíl Phríobháideach’

Smaoinigh ar do phróifíl a shocrú mar ‘phróifíl phríobháideach’ ionas nach mbeidh ach do chairde in ann na rudaí a gcuireann tú in iúl gur maith leat iad, na rudaí a phostálann tú agus na rudaí a chomhroinneann tú a fheiceáil. Ná déan dearmad gurb amhlaidh, más cuntas poiblí é do chuntas, is féidir le gach duine agus le haon duine féachaint ar na rudaí atá tú ag comhroinnt agus a bhfuil tú ag labhairt fúthu ar líne, fiú daoine nach bhfuil aon chuntas acu ar an ardán. Is féidir le rud ar bith a mhearscaipeadh agus, a luaithe atá sé amuigh ansin, beidh sé amuigh ansin go deo.

This image shows a puzzle piece with a cog in the middle

Seiceáil do shocruithe ‘pearsantaithe’

Murar mhaith leat go dtaispeánfadh ardáin duit inneachar atá bunaithe ar do ghníomhaíocht ar an aip, is féidir leat an socrú sin a chasadh as i do shocruithe príobháideachta. Leis sin, cuirtear teorainn leis an méid faisnéise a bhailítear fút, agus cead á thabhairt duit fós scrollú trí inneachar atá ag treochtáil.

This image shows a puzzle piece with the location icon

Turn off location tracking

Déan do mhachnamh go cúramach sula seiceálann tú isteach in áiteanna nó sula gclibeálann tú go bhfuil tú in áit éigin. Tá rioscaí ag baint le do shuíomh a chomhroinnt ar líne. Cas as do shocruithe suímh nuair nach bhfuil siad ag teastáil uait, mar sin de.

 

An bhfuil fonn ort cóip a phriontáil amach?

Is féidir leat leagan PDF de na leideanna seo a íoslódáil agus a phriontáil amach ar an leathanach dar teideal conas do lorg digiteach a bhainistiú (PDF, 936kb). Is féidir leat cliceáil ar na híomhánna thíos freisin. 

This is an infographic showing how to manage your digital footprint, it is linked to a PDF which explains the steps you should take to manage your digital footprints

This is an infographic showing how to manage your digital footprint, it is linked to a PDF which explains the steps you should take to manage your digital footprints"