"Leanaí an Phríomhchúis agus an Bhunaidhm: Bunphrionsabail i ndáil le Cur Chuige atá Dírithe ar Leanaí maidir le Próiseáil Sonraí”: Tuarascáil maidir leis an gComhairliúchán Poiblí
19th Mí na Samhna 2021
I mí na Nollag 2020, d'fhoilsigh an Coimisiún um Chosaint Sonraí (“DPC”) dréacht d'ábhar treorach “Leanaí an Phríomhchúis agus an Bhunaidhm: Bunphrionsabail i ndáil le Cur Chuige atá Dírithe ar Leanaí maidir le Próiseáil Sonraí” (na “Bunphrionsabail”). Tháinig na Bunphrionsabail sin faoi anáil thoradh an chomhairliúcháin phoiblí a d'eagraigh an DPC, ina dhá shruth, i rith thús na bliana 2019,
...