Mainneachtain faisnéis a chomhroinnt le teach altranais faoi chiontuithe coiriúla cónaitheora

28th Mí Meitheamh 2023

Tá an Coimisiún um Chosaint Sonraí eolach ar thuairiscí sna meáin maidir le hábhair imní faoi chomhlíonadh an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí. Baineann na hábhair imní sin leis an mainneachtain faisnéis a chomhroinnt le teach altranais faoi chiontuithe coiriúla cónaitheora agus leis an riosca a chruthaigh an duine sin do chónaitheoirí eile.

Sa dlí cosanta sonraí, tugtar cosaint speisialta d’fhaisnéis faoi chiontuithe coiriúla aon duine agus faoi chionta coiriúla líomhnaithe aon duine. Ní mór an cineál faisnéise sin a phróiseáil go cúramach, toisc gur féidir le haon phróiseáil mhíchuí difear diúltach suntasach a dhéanamh don duine lena mbaineann.

Is ann do chásanna sonracha, áfach, ina mbeidh sé riachtanach faisnéis faoi chiontuithe coiriúla aon duine a phróiseáil agus a chomhroinnt idir eagraíochtaí.

Sampla amháin díobh sin is ea cásanna ina mbeidh sé riachtanach an fhaisnéis a chomhroinnt chun daoine eile a chosaint agus chun déileáil le riosca sainaitheanta sonrach. Éascaítear é sin sa dlí cosanta sonraí faoi alt 55(1)(b)(iv) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018, ina gceadaítear próiseáil sonraí den sórt sin i gcás “go bhfuil gá le próiseáil chun díobháil nó damáiste eile don ábhar sonraí nó do dhuine eile nó caillteanas i leith maoine, nó damáiste do mhaoin, a chosc nó chun leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí nó duine eile a chosaint ar shlí eile”.

I gcás go gcinnfear go bhfuil sé dianriachtanach déanamh amhlaidh chun daoine eile a chosaint, ní bheidh toiliú an duine lena mbaineann ag teastáil chun faisnéis a chomhroinnt faoina c(h)iontuithe coiriúla.

I gcás den sórt sin, beidh ar na heagraíochtaí a chinntiú nach gcomhroinnfear ach an fhaisnéis a theastaíonn go sonrach uathu chun aghaidh a thabhairt ar an riosca do dhaoine eile. Beidh orthu a chinntiú freisin go láimhseálfaidh na páirtithe uile an fhaisnéis ar bhealach íogair rúnda.

Leanfaidh an Coimisiún le dul i dteagmháil le geallsealbhóirí chun treoir a sholáthar maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil sa chomhthéacs íogair seo.