Comóireann an Coimisiún cúig bliana RGCS

25th Mí Bealtaine 2023

Tá cúig bliana dulta thart anois ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Chun an ócáid a chomóradh, chruthaigh an Coimisiún um Chosaint Sonraí podchraoladh, d’fhoilsigh sé leabhrán maidir le cás-staidéir, agus d’aistrigh sé achoimre fheidhmeach ár dTuarascála Bliantúla don bhliain 2022 go ceithre theanga eile. 

 

Podchraoladh maidir le sonraí leanaí

Labhair Graham Doyle, Leas-Choimisinéir, le Jennifer Dolan, Coimisinéir Cúnta (ceann an Bheartais um Chosaint Sonraí Leanaí), faoi obair an Choimisiúin um Chosaint Sonraí i réimse na gceart cosanta sonraí leanaí thar na cúig bliana seo a chuaigh thart agus faoina bhfuil i ndán don réimse sin go fóill.

Chun éisteacht leis an bpodchraoladh, cliceáil thíos chun é a sheinm (MP3, 20:05 nóiméad).

 

Aistrítear Achoimre Fheidhmeach na Tuarascála Bliantúla don bhliain 2022 go ceithre theanga eile

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chosaint Sonraí an Tuarascáil Bhliantúil uaidh don bhliain 2022 an 7 Márta 2023. Tá Achoimre Fheidhmeach na tuarascála ar fáil i bhFraincis, i nGearmáinis, in Iodáilis agus i Spáinnis anois.