Grianghraif d’fhilleadh do linbh ar an scoil — Faisnéis faoi do leanbh a choinneáil sábháilte

30th Mí Lúnasa 2023

#SmaoinighSulabPostálannTú

 

Sa tréimhse roimh thús mhí Mheán Fómhair, bíonn ár bhfothaí meán sóisialta lán de ghrianghraif de leanaí gealgháireacha atá ag iompar málaí scoile, agus teidil lena gceiliúrtar go bhfuil siad ag #FilleadhArAnScoil ag gabháil leo.

Is é atá sa chéad lá ar an scoil ná garsprioc thábhachtach a mbíonn fonn ar thuismitheoirí bródúla í a ghabháil agus a chomhroinnt ar líne.

In amanna, áfach, is é an gníomh simplí atá i gceist leis na grianghraif sin a chomhroinnt is cúis le ró-chomhroinnt neamhbheartaithe faisnéise pearsanta, rud ar féidir leis iarmhairtí tromchúiseacha a bheith aige má fhaigheann na daoine contráilte greim orthu.

Má tá tú ag smaoineamh ar phictiúr de do leanbh ar an gcéad lá ar an scoil a phostáil ar líne, smaoinigh sula bpostálann tú agus cuir na ceithre leid shimplí seo san áireamh:

 

Ná comhroinn an iomarca

Sna treochtaí mearscaipthe is déanaí, bíonn leanaí ag deasú i ngrianghraif den fhilleadh ar an scoil, agus mionchláir dhubha ina léirítear a n-ainm, a n-aois, an rang a bhfuil siad ag dul isteach ann agus ainm an mhúinteora ina lámh acu.

Má tá sé ar intinn agat grianghraf a phostáil, coinnigh simplí é. Ná cuir aon fhaisnéis bhreise leis a bhféadfaí do leanbh agus a scoil a thaispeáint inti.

 

Cad atá sa chúlra?

An bhfuil aon rud ann i gcúlra do ghrianghraif a d’fhéadfadh a fhágáil go gcomhroinntear an iomarca faisnéise faoi do leanbh? Mar shampla:

  • An féidir suaitheantas scoil do linbh a fheiceáil ar an éide scoile?
  • Ar chlibeáil tú scoil do linbh sa phictiúr?
  • Má ghlac tú an grianghraf lasmuigh de do dhoras tosaigh, an féidir d’uimhir tí a fheiceáil nó an bhfuil sonraí suímh curtha air agat?
  • Má ghlac tú an grianghraf ar thailte scoile, an féidir ainm na scoile a fheiceáil áit ar bith sa chúlra?
  • An bhfuil aon leanaí eile ann sa chúlra nár thoiligh le grianghraf díobh a bheith á ghlacadh agat?

Is féidir gach ceann de na píosaí beaga faisnéise sin a chur le chéile. Mar sin de, seiceáil i gcónaí cad atá sa chúlra.

 

Labhair le do leanaí

Is sonraí pearsanta iad grianghraif, agus is iad a sonraí pearsanta féin aon ghrianghraif de do leanaí. Is fiú i gcónaí dul i mbun comhrá le do leanbh agus a fhiafraí de nó di an bhfuil sé nó sí sásta go bpostálfá an grianghraf ar líne.

Más rud é sin nach bhfuil siad compordach leis, ná déan é. Ina ionad sin, smaoinigh ar an ngrianghraf a chomhroinnt le baill teaghlaigh nó le cairde i ngrúpa curtha teachtaireachtaí príobháideacha nó le ríomhphost.

 

Cé hiad na daoine ar mhaith liom go bhfeicfeadh siad an grianghraf seo?

Sula bpostálann tú, cuir an cheist seo ort féin: “Cé hiad na daoine ar mhaith liom go bhfeicfeadh siad an grianghraf seo?” Socraigh do phróifíl chuig socrú ‘príobháideach’ chun nach mbeidh ach cairde deimhnithe in ann an grianghraf de do leanbh a fheiceáil.

An méid sin ráite, tá cairde nó leantóirí ar líne nár bhuail siad leo i bpearsa riamh ag a lán aosach. Dá bhrí sin, smaoinigh ar an lucht féachana a theorannú tuilleadh chun nach mbeidh ach ‘dlúthchairde’ in ann an grianghraf a fheiceáil. Chomh maith leis sin, déan cinnte de nach bhfuil ar áireamh i do liosta ‘dlúthchairde’ ach daoine a bhfuil tú compordach an fhaisnéis sin a chomhroinnt leo.

 

Grafaic eolais

Féach ar ár ngrafaic eolais thíos a thaispeánann na ceithre leid. Is féidir an ghrafaic eolais ‘Grianghraif d’fhilleadh do linbh ar an scoil - Smaoinigh sula bpostálann tú’ (PDF, 178KB) a íoslódáil agus a phriontáil chomh maith.

 

infographic with a graphic of a camera on the top left corner with the heading 'Back-to-school photos. Pause before you post'. Underneath this is the words, 'posting a back-to-school photo? Keep your child's information safe by following these four steps:' Below this are four steps. 1 - don't overshare. Keep it simple. Don't add any additional information that might identify your child and their school. Step 2, What's in the background? Blur out school crests on uniforms or the house number on your front door, and turn off location data? Step 3, Talk to your kids. Remember, a photo of your child is their data. If they're not happy for you to post the photo online, don't do it. Step 4, who do I want seeing this photo? Set your profile to 'private'. Check that your 'friends' list only includes people you actually know and are comfortable with seeing this information. At the bottom, it says 'for more information, go to www.dataprotection.ie and the DPC logo.