Jennifer O’Sullivan

Jennifer O'Sullivan

Ceapadh Jennifer O’Sullivan mar Leas-Choimisinéir i nDeireadh Fómhair 2016. Tá Jennifer i gceannas ar Straitéis Tionscnaíochta Rialála an DPC, atá ag athscrúdú misean agus ról an DPC, na tosaíochtaí straitéiseacha, torthaí agus aschuir a theastaíonn uainn a bhaint amach, agus an tslí ina sholáithrimid iad. Tar éis próiséas cuimsitheach bunaithe go mór ar shainchomhairleacht, beidh Sraitéis an DPC mar threoir dár n-obair sna blainta atá amach romhainn agus tabhairfaidh sé léargas agus ionchur dár scairshealbhóirí maidir lenár ngníomhaíochtaí.

Tá Jennifer ag treorú gníomhaíochtaí idirnáisiúnta an DPC chomh maith, i gcomhthéacs ról lárnach méadaitheach an DPC ag leibhéal an AE agus ag leibhéal domhanda, lena n-áirítear rannpháirtíocht le hÚdaráis Cosanta Sonraí eile trí EDPB agus fóraim eile. Anuas ar sin, tá sí i bhfeighil ar fheabhsúchán oibríochtúil agus athruithe ag an DPC, lena n-áirítear cur i bhfeidhm cóid iompair an DPC agus feidhmeanna deimhniúcháin.

Tá cúlra Jennifer i straitéis agus cur i bhfeidhm beartais, bainistiú cláir agus athruithe, agus feabhsúchán próiseála agus oibríochtúil, agus ta taithí aici sna hearnálacha poiblí, príobháideacha agus neamhbhrabúis.

Aonaid as a bhfuil sí freagrach:

  • Straitéis
  • Gnóthaí Idirnáisiúnta
  • Oibriúcháin
  • Cóid Iompair agus Deimhniúchán