Foilsíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí an Tuarascáil Bhliantúil don bhliain 2025

30th Mí Meitheamh 2026

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chosaint Sonraí (“an Coimisiún”) a Thuarascáil Bhliantúil le haghaidh 2025 inniu. Ag preasócáid in oifigí an Choimisiúin, thug na Coimisinéirí um Chosaint Sonraí, an Dr. Des Hogan (Cathaoirleach), an tUas. Dale Sunderland agus Niamh Sweeney Uas. eolas faoi obair suntasach na hoifige i gcaitheamh na bliana.


Roinnt buaicphointí ón Tuarascáil Bhliantúil 2025

  • Fuair an Coimisiún 16,160 cás nua ó dhaoine aonair in 2025, rud a léiríonn méadú 45% i gcomparáid le 2024. Tugadh 11,734 cás chun críche le linn na bliana, rud a léiríonn méadú 12% i gcomparáid le 2024.

  • Thug an Coimisiún 208 gearán bailí trasteorann chun críche (mar Phríomhúdarás Maoirseachta an AE/LEE). Léiríonn sé seo méadú 43% i gcomparáid le 2024. 

  • Ba é líon na bhfógraí sáraithe sonraí a fuair an Coimisiún in 2025 ná 6,521, rud a léiríonn laghdú 16% i gcomparáid le 2024. Tugadh 85% de na fógraí seo chun críche faoi dheireadh na bliana. Tháinig beagnach leath de na fógraí sin mar thoradh ar chomhfhreagras a bheith seolta chuig an bhfaighteoir mícheart.

  • Le linn 2025, chuir an Coimisiún ionchur agus tuairimí ar fáil maidir le breis agus 77 píosa reachtaíochta náisiúnta a bhí molta. Tá méadú seasta feicthe ag an gCoimisiún sa réimse oibre áirithe seo. In 2024 ba é 56 an figiúr agus in 2023 ba é 37 píosa a bhí i gceist.

  • Tugadh 275 imscrúdú ar mhargaíocht dhíreach leictreonach chun críche le linn 2025, rud a léiríonn méadú 88% i gcomparáid le 2024. Chomh maith leis seo, d’eisigh an Coimisiún 50 litir rabhaidh le cuideachtaí de bharr cumarsáidí margaíochta neamhiarrtha.

  • Thug an Coimisiún 4 imscrúdú mórscála chun críche le linn 2025 agus ghearr sé fíneálacha breis agus €530.773m i bhfíneálacha riaracháin chomh maith le go leor iomarduithe agus orduithe comhlíontachta, lena n-áirítear na himscrúduithe seo a leanas:

    • I mí Aibreán 2025, ghlac an Coimisiún le cinneadh deiridh in imscrúdú reachtúil dá thoil féin maidir le haistriú sonraí pearsanta úsáideoirí AE/LEE a rinne TikTok Technology Limited (‘TikTok’) chuig an tSín. Chinn an Coimisiún ordú a thabhairt do TikTok na haistrithe sonraí a chur ar fionraí agus an phróiseáil a dhéanamh comhlíontach. Ghearr an Coimisiún freisin dhá fhíneáil riaracháin dar luach iomlán €530 milliún.

    • I mí an Mheithimh 2025, d’fhógair an Coimisiún a chinneadh deiridh tar éis imscrúdú ar an bpróiseáil a rinne An Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) ar aghaidhtheimpléid bhithmhéadracha mar chuid den phróiseas cláraithe don Chárta Seirbhísí Poiblí, nó “clárú SAFE 2” mar a thugtar air. Sa Chinneadh uaidh, d’eisigh an Coimisiún iomardú foirmiúil don RCS agus ghearr sé fíneálacha dar luach iomlán €550,000 air. D’ordaigh an Coimisiún don RCS scor de phróiseáil sonraí bithmhéadracha a bhaineann le clárú SAFE 2 laistigh de naoi mí, murar féidir bunús dlí bailí a aithint.

  •  

Dúirt an Dr. Des Hogan, Cathaoirleach, Coimisinéir um Chosaint Sonraí:

“Tháinig méadú gan fasach, 45%, ar líon na ngearán a fuair an Coimisiún um Chosaint Sonraí (“an Coimisiún”) in 2025. Bhain cuid mhór díobh le húsáid na hIntleachta Saorga (AI) ag gearánaithe, rud a mhéadaigh méid agus castacht na ndoiciméad a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin. Ag an am céanna, mhéadaigh scála agus castacht úsáid sonraí pearsanta ag teicneolaíochtaí IS atá ag forbairt go mear, rud a chruthaigh rioscaí agus díobhálacha níos mó do dhaoine aonair. In anneoin dúshlán dá leithéid, chonaiceamar méadú suntasach ar chásanna a tugadh chun críche le linn na bliana.”


Suirbhé ar Sharenting 2025

I gcomhthráth le foilsiú na Tuarascála Bliantúla don bhliain 2025, d’eisigh an Coimisiún um Chosaint Sonraí na torthaí ar shuirbhé neamhspleách ar an gcleachtas ar a dtugtar ‘Sharenting’ freisin. Is é is an téarma ‘sharenting’ ann ná meascán de na focail ‘tuismitheoireacht’ agus ‘comhroinnt’, agus úsáidtear é chun cur síos a dhéanamh ar an gcleachtas arb éard é faisnéis, grianghraif agus físeáin a bhaineann lena leanaí a bheith á gcomhroinnt ag tuismitheoirí go tráthrialta ar na meáin shóisialta agus ar ardáin eile ar líne. Rinneadh an suirbhé, a tugadh faoi mar chuid den feachtas fógraíochta “Smaoinigh Sula bPostálann Tú”, agus i gcomhar lenár gcomhghleacaithe in Údarás Maoirseachta um Chosaint Sonraí na Fraince, chun dearcadh agus eolas an phobail a mheas maidir le sharenting, agus rinneadh suirbhé ar níos mó ná 1,000 tuismitheoir in Éirinn agus sa Fhrainc araon.

Is féidir an Tuarascáil neamhspleách ar an Suirbhé Sharenting a fheiceáil anois.

Príomhthorthaí

  • Roinn 3 tuismitheoir as 4 ábhar i dtaca lena leanaí a roinnt ar líne le bliain anuas

  • Roinneann 1 tuismitheoir as 3 gach lá nó cúpla lá sa tseachtain maidir lena leanaí

  • I measc iad siúd a roinneann ábhar i dtaca lena leanaí ar líne, ceapann 14% de thuismitheoirí in Éirinn gur ‘tionchairí tuismitheoireachta’ iad féin, agus tá an tuairim céanna ag 10% sa Fhrainc.

  • Deir 40% de thuismitheoirí gur annamh a iarrann siad toiliú a leanaí roimh ábhair a roinnt, má iarrann siad in aon chor

  • In Éirinn, aithníonn 66% de thuismitheoirí an riosca go mbainfidh strainséirí mí-úsáid as íomhá a linbh agus tá 55% buartha faoi úsáid Intleachta Saorga (IS) agus domhainbhrionnuithe (‘deepfakes’) maidir leis na híomhánna seo.

  • Deir idir leath agus dhá thrian de thuismitheoirí sa dá tír gurb é an príomhspreagadh atá acu chun sharenting a dhéanamh ná tráth cinniúnach a roinnt lena dteaghlach agus lena gcairde. Deir 3-4% gurb é an spreagadh atá acu ná ioncam breise a dhéanamh.

  • Roinneann 9 as 10 tuismitheoir ábhair i dtaca lena leanaí le lucht féachana srianta.