Staitisticí Gearán Trasteorann an Ionad Ilfhreastail

26th Mí Meán Fomhair 2022

Ar mhaithe le bheith freagrach agus trédhearcach, d’fhoilsigh an DPC tuarascáil i Márta 2022 lena gcuirtear forléargas ar fáil bunaithe ar fhíricí agus anailís staitistiúil mhionsonraithe maidir le láimhseáil an DPC ar ghearáin an OSS sa tréimhse ó Bhealtaine 2018 go dtí deireadh 2021.

Leis an tuarascáil seo, uasdátaítear an foilseachán ó Mhárta 2022 agus tá méadrachtaí agus anailís staitistiúil ann don tréimhse idir an 25 Bealtaine 2018 agus an 19 Meán Fómhair 2022. Tugtar forléargas sa tuarascáil ar na próisis láimhseála gearán trasteorann atá i bhfeidhm ag an DPC agus ar na méadrachtaí gaolmhara, lena n-áirítear líon na ngearán a fuarthas, líon na ngearán a tugadh chun críche, agus na torthaí a baineadh amach.  Ar mhaithe le comhthéacs iomlán a thabhairt, tá beagnach 20,000 gearán faighte ag an DPC ó tháinig an GDPR i bhfeidhm agus tá breis is 17,000 díobh sin tugtha chun críche.

Léirítear sa tuarascáil:

  • Go bhfuair an DPC 1,278 gearán bailí trasteorann; 1,091 (85%) agus é ina phríomhúdarás maoirseachta (LSA) agus 187 (15% ina údarás maoirseachta bainteach (CSA).

 

  • 678 (62%) de na gearáin trasteorann a láimhseáil an DPC mar gur deineadh an LSA a thaisceadh ar dtús le húdarás maoirseachta eile a chur ar aghaidh ansin chuig an DPC é.
  • Tá 73% de na gearáin trasteorann arna láimhseáil ag an DPC ina LSA ó Bhealtaine 2018 tugtha chun críche, sin 88% de na gearáin a fuarthas in 2018, 87% de na cinn a fuarthas in 2019, 72% de na cinn a fuarthas in 2020 agus 52% de na cinn a fuarthas in 2021 tugtha chun críche anois.

 

  • As na 798 gearán trasteorann a tugadh chun críche a láimhseáil an DPC iad ina LSA, rinneadh 659 (83%) acu a réiteach trí réiteach cairdiúil ar mhaithe leis an ngearánach.

 

  • Tá 56 (19%) de na gearáin trasteorann ceangailte le fiosrúchán agus déanfar iad sin a thabhairt chun críche nuair a bheidh an fiosrúchán thart.  Tá níos mó ná leath de na 71 gearán oscailte atá fanta ó 2018 agus 2019 ceangailte le fiosrúchán.

 

  • Baineann 87% de gach gearán trasteorann a láimhseáil an DPC ina LSA le díreach 10 rialaitheoir sonraí.

 

  • Tá 48% de na gearáin a chuir an DPC ar aghaidh chuig LSAnna eile AE/LEE (gan an Ríocht Aontaithe san áireamh) tugtha chun críche.

 

Tuarascáil Staitistiúil an Choimisiúin um Chosaint Sonraí maidir le láimhseáil gearán trasteorann an Ionaid Ilfhreastail (OSS), 25 Bealtaine 2018 go 19 Meán Fómhair 2022