Treoir ar úsáid CCTV

Ba chóir go mbeadh rialaitheoirí sonraí agus Oifigigh Cosanta Sonraí (DPO’anna) ar an eolas gurbh ionann píosa scannánaíochta agus íomhánna ar a bhfuil daoine aonair is féidir a aithint gafa ar chórais CCTV agus sonraí pearsanta chun críocha an dlí cosanta sonraí. Is dea-chleachtas do sheasamh maidir le saincheisteanna a bhaineann le CCTV a úsáid i bhfoirm Beartas um Chosaint Sonraí CCTV a leagan amach.

Ba chóir beartas CCTV de shaghas ar bith a bhaineann leis an áit oibre a thabhairt ar aird na bhfostaithe. Is féidir an beartas a fhoilsiú ar láithreán gréasáin oifigiúil chomh maith leis an bpobal a d’fhéadfadh a bheith ag tabhairt cuairte ar an áitreabh a chur ar an eolas.

Roimh chóras CCTV a shuiteáil, ba chóir go mbreithneofar na ceisteanna seo a leanas:

  • Cuspóir: An bhfuil cuspóir soiléir agat chun CCTV a shuiteáil?
  • Dlíthiúlacht: Cad é an bunús dlí faoi Airteagal 6 den GDPR leis an úsáid atá tú chun a bhaint as CCTV?
  • Riachtanas: An bhfuil sé ar do chumas a léiriú go bhfuil CCTV riachtanach?
  • Comhréireacht: Má tá chun an córas CCTV atá agat a úsáid chun críocha eile seachas slándáil, an bhfuil sé ar do chumas a léiriú go bhfuil na húsáidí eile seo comhréireach? D’fhéadfadh sé nár mhór duit tabhairt faoi Mheasúnú Tionchair Cosanta Sonraí leis na measúnuithe seo a dhéanamh go leordhóthanach.
  • Slándáil: Cad iad na bearta a bheidh á gcur i bhfeidhm agat chun a chinntiú go stórailfear taifeadtaí CCTV go slán sábháilte?
  • Coinneáil: Cén t-achar a mbeidh na taifeadtaí á gcoinneáil agat, ag tógáil san áireamh nár chóir iad a choinneáil níos faide ná mar atá riachtanach do na críocha bunaidh a bhí agat?
  • Trédhearcacht: Conas a chuirfidh tú daoine ar an eolas go bhfuil a gcuid íomhánna á dtaifead agat agus an bealach a bhfuil tú chun eolas eile a thabhairt dóibh atá riachtanach faoina hoibleagáidí trédhearcachta? Ní mór go mbeidh duine a ndéantar taifeadadh ar a c(h)uid íomhánna ar chóras CCTV in ann rochtain a fháil ar fhaisnéis faoi:
  • Ceánnacht agus mionsonraí teagmhála an rialaitheora sonraí;
  • Mionsonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí, má tá oifigeach ceaptha;
  • Na críocha a bhfuil na sonraí á bpróiseáil;
  • An cuspóir agus bunús dlí atá leis an bpróiseáil;
  • Aon tríú páirtí a bhféadfaí sonraí a nochtadh leo;
  • Na socruithe slándála do na píosaí scannánaíochta CCTV;
  • An tréimhse choinneála do na píosaí scannánaíochta CCTV;
  • Na cearta atá ag ábhair sonraí agus an ceart chun gearán a chur faoi bhráid an DPC.

Is féidir tuilleadh faisnéise faoi úsáid CCTV do Rialaitheoirí Sonraí, samplaí cás-staidéar san áireamh, a fháil inár nóta treorach ar úsáid CCTV do Rialaitheoirí Sonraí.