Comhroinnt Sonraí san Earnáil Phoiblí

Tá sé mar aidhm ag an treoir seo, faoi ‘Comhroinnt Sonraí san Earnáil Phoiblí’, aird a tharraingt ar bhunrialacha agus ar bhunchosaintí an dlí cosanta sonraí go gcaithfear cur san áireamh i gcomhthéacs na cásanna go léir ina chomhroinntear sonraí pearsanta daoine aonair i gcomhthéacs an earnála phoiblí. Tacaíonn an DPC leis an aidhm le seirbhísí poiblí a fhorbairt atá níos éifeachtúla agus dírithe ar chustaiméirí, agus is é cuspóir na treorach seo soiléiriú a thabhairt maidir leis na prionsabail agus na hoibleagáidí atá le comhlíonadh ag comhlachtaí na hearnála phoiblí chun sonraí pearsanta a phróiseáil agus iad ag cur seirbhísí poiblí ar fáil i mbealach atá dlíthiúil, cothrom agus trédhearcach.

Comhroinnt Sonraí san Earnáil Phoiblí - Treoirnóta Iomlán