Cúlra

Is é an Coimisiún um Chosaint Sonraí an t-údarás náisiúnta neamhspleách in Éirinn atá freagrach as seasamh leis an gceart bunúsach atá ag daoine aonair san Aontas Eorpach go dtabharfaí cosaint dá sonraí pearsanta. Dá réir sin, is é an Coimisiún an t-údarás maoirseachta in Éirinn atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí. Tá feidhmeanna agus cumhachtaí againn freisin i dtaca le creataí rialála eile, lena n-áirítear Rialacháin na hÉireann maidir le Príobháideachas agus Cumarsáid Leictreonach (2011) agus an Treoir ón Aontas Eorpach maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí.

Ár Misean

Cearta cosanta sonraí a chaomhú ach comhlíonadh a bhrú chun cinn trí threoir, maoirseacht agus forfheidhmiú

Struchtúr Eagraíochtiúil & Beathaisnéisí Ardbhainistíocht

Is féidir faisnéis maidir lenár n-eagraíocht agus ár struchtúr bainistíochta a fháil anseo