Tuairimí - Tá siad ag cách ach an mbaineann dlí cosanta sonraí leo?

24th Mí Eanair 2020

Tagann easaontas maidir le 'tuairimí' faoi dhuine a taifeadadh nó a úsáideadh ar bhealach éigin faoi bhráid an Choimisiúin um Chosaint Sonraí (DPC) ó am go ham.

Is féidir le daoine dearcthaí láidre a bheith acu maidir le cibé an bhfuil nó nach bhfuil tuairimí cóir nó ceart, agus d'fhéadfadh saincheisteanna mar saoirse tuairimíochta agus rúndacht a bheith ag baint leo - mar sin d'fhéadfadh easaontais i gcásanna mar iad seo a bheith sách conspóideach agus casta. Dá bhrí sin, tá sé mar aidhm againn cuid de na saincheisteanna bunúsacha a d'fhéadfadh a theacht chun cinn nuair atá baint ag tuairimí le dlí cosanta sonraí.

An mBaineann Tuairimí le Sonraí Pearsanta Duine?

Faisnéis ar bith faoi dhuine nó a 'bhaineann' le duine iad sonraí pearsanta trína bhfuil an duine sin aitheanta nó 'inaitheanta'. Baineann na cineálacha tuairimí a thugtar ar aird an DPC le duine ar leith de ghnáth.  In iomaí cás, tá an duine aitheanta ón tuairim nó is féidir an duine a aithint trí chomhthéacs nó trí níos mó faisnéise a úsáid, mar sin, i ndáiríre d'fhéadfadh go bhfuil a gcuid sonraí pearsanta á dtabhairt sa tuairim. D'fhéadfadh sonraí pearsanta faoin duine a taifeadadh a thuairim a bheith i dtuairimí, sa chás gur taifeadadh an tuairim ar bhealach a bhaineann leis an duine sin, agus gur aithníodh é nó gur féidir é a aithint.

Chomh maith leis sin, ag brath ar an gcaoi a sainmhínítear iad, d'fhéadfadh tuairimí a bheith suibiachtúil (roghanna pearsanta nó barúlacha, e.g. "Is é mo bharúilse go raibh cuma fheargach ar an té sin an mhaidin úd") nó tuairim duine nó a gcreideamh faoi fhíric oibiachtúil (creidimh diongbháilte a d'fhéadfadh a bheith ceart nó mícheart, e.g. "Creidimse gur bréagadóir amach is amach an té sin"). Is leathan atá an sainmhíniú ar shonraí pearsanta agus rialóidh an nádúr a bhaineann le tuairim ar leith an bhfuil an dlí cosanta sonraí i gceist nó nach bhfuil agus, má tá, rialóidh sin mar is féidir cearta an duine aonair a chur i bhfeidhm i ndáil leis an tuairim sin.

Ní bheidh feidhm ag dlí cosanta sonraí i ngach cás ina mbíonn tuairimí i gceist, mar nach mbíonn feidhm aige ach amháin i gcásanna ina ndéantar sonraí pearsanta a thaifead nó a phróiseáil ar 'bhealach uathoibríoch' (i.e. ar ríomhaire nó ar ghaireas leictreonach) nó i gcóras comhdúcháin láimhe. Mar shampla, sa chás go gcuireann duine a thuairim, tuairim nach bhfuil go deas nó nach bhfuil fíor, faoi dhuine in iúl ó bhéal agus níor scríobhadh síos ná níor taifeadadh an tuairim sin - agus cé nach gcuirtear fáilte roimh an tuairim sin - ní thagann an ráiteas faoi chúram an dlí cosanta sonraí.

Ar an mbealach céanna, tá teorainneacha eile ag baint leis an bhfeidhm atá ag an dlí cosanta sonraí, mar an díolúine 'teaghlaigh/phearsanta' - rud a chiallaíonn nach gclúdaíonn sé cásanna ina dtugtar nó ina ndéantar tuairimí maidir le gníomhaíochtaí nach ndéantar 'ach ar bhonn pearsanta nó teaghlaigh' amháin a thaifeadadh agus nach bhfuil nasc aige sin le gníomhaíocht gairme nó tráchtála. Mar sin, má scríobhann tú rudaí suaracha faoi do mhuintir féin i ndialann phríobháideach, ní bhainfidh aon cheist cosanta sonraí leis sin, ach d'fhéadfadh feidhm a bheith ag cosaint sonraí más rud é gur taifeadadh nó gur foilsíodh trácht ar mheán lasmuigh den dhíolúine (mar thrácht poiblí ar shuíomh meán sóisialta nó i bhfoilseacháin tráchtála).

Céard faoi Iriseoireacht agus Saoirse Tuairimíochta?

Níl i gcosaint sonraí ach ceann de na cearta agus na saoirsí a dtugtar cosaint dóibh faoi dhlí an AE agus faoi dhlí na hÉireann agus ní mór don chosaint sin meas a léiriú agus a bheith cothrom i ndáil le cearta agus saoirsí eile, mar saoirse tuairimíochta, lena n-áirítear saoirse iriseoireachta, acadúla agus ealaíne agus/nó saoirse litríochta. I gcásanna nuair a thagann go leor cearta agus saoirsí salach ar a chéile, ní mór go mbeadh cothromaíocht i gceist a thugann cosaint do shonraí pearsanta daoine, ach go mbaintear ciall leathan as an gcoincheap saoirse tuairimíochta agus saoirse iriseoireachta chomh maith.

Sampla amháin den idirghníomhaíocht a tharlaíonn idir na cearta agus na saoirsí seo ná go dtugtar díolúine i bpáirt faoin Acht um Chosaint Sonraí 2018 maidir le cuid de na hoibleagáidí a bhaineann leis an dlí cosanta sonraí sa chás go mbaintear leas as na sonraí pearsanta ar mhaithe le saoirse tuairimíochta a chur i bhfeidhm lena n-áirítear chun críche iriseoireachta, acadúla, ealaíne nó litríochta, sa chás go bhfuil an díolúine de dhíth chun na saoirsí sin a chur i bhfeidhm go héifeachtúil.

Go praiticiúil, ciallaíonn sé sin nach gá go gcuideoidh an dlí cosanta sonraí le duine atá corraithe mar gheall ar thuairim a thugtar fúthu in alt nuachta nó i meán eile - mar go bhféadfadh go mbeadh an foilsitheoir ábalta brath ar 'dhíolúine iriseoireachta' a cheadaíonn na sonraí pearsanta atá i gceist a fhoilsiú. Is éard atá i gceist leis seo ná go bhfuil ról tábhachtach ag an bpreas saor sa tsochaí agus nach mbeadh tairbhe i gceist leis don tsochaí sin dá gcuirfí srian ar chumas sholáthraithe nuachta tuairimí a fhoilsiú faoi dhaoine aonair inaitheanta agus scéalta á dtuairisciú ar mhaithe le leas an phobail.

Is fiú a thabhairt ar aird go bhféadfadh bealaí eile dlí a bheith ann, seachas dlí cosaint sonraí, do dhaoine atá míshásta mar gheall ar thuairim a thugtar fúthu sa nuacht. Má thugann duine tuairim fút atá gránna, nach bhfuil fíor, nó a mheasann tú gur ciapadh atá i gceist leis, d’fhéadfadh sé go mbeadh tú ag iarraidh comhairle dlí a lorg faoi na céimeanna eile a d'fhéadfá a ghlacadh.

An mBaineann Rialacha Éagsúla le Tuairimí Rúnda?

Cé go bhféadfadh tuairimí a bheith faoi réir dlí cosanta sonraí go ginearálta, sa chás go bhfuil sonraí pearsanta i gceist, agus na cearta agus na hoibleagáidí a bhaineann leis sin, tá rialacha speisialta ann maidir le tuairimí áirithe 'rúnda'. Leagtar roinnt rialacha amach san Acht um Chosaint Sonraí 2018 a chuireann teorann le cearta cosanta sonraí duine a chur i bhfeidhm maidir le tuairimí a tugadh d'fhaighteoir fúthu 'faoi rún' nó ar an tuiscint go gcaithfear leis na tuairimí sin ar bhonn rúnda, agus go bhfuil ‘leas dlisteanach’ ag an bhfaighteoir an fhaisnéis sin a fháil.

Ciallaíonn sé seo go bhféadfadh sé nach mbeadh daoine ábalta a gcearta cosanta sonraí a chur i bhfeidhm, cearta mar rochtain agus léirscriosadh, maidir le faighteoir nó sealbhóir a thug tuairim fúthu sa chás go ndearnadh nó gur tugadh sin faoi rún. Déanfar cur síos níos mionsonraithe thíos ar chearta cosanta sonraí a chur i bhfeidhm i ndáil le tuairimí.

Conas mar a Bhaineann Cearta mar Rochtain agus Léirscriosadh le Tuairimí?

D'fhéadfadh tuairimí, i gcás gur sonraí pearsanta iad nó i gcás go bhfuil sonraí pearsanta iontu, faoi réir chearta cosanta sonraí a chur i bhfeidhm, mar rochtain, ceartúchán nó léirscriosadh. Is féidir cearta ar fad, lena n-áirítear an ceart fairsing atá agat rochtain a fháil ar d'fhaisnéis, a bheith teoranta i gcásanna áirithe, mar i gcás go bhfuil feidhm ag an díolúine teaghlaigh, nó i gcás go bhfuil cearta eile mar saoirse tuairimíochta i gceist (mar a luadh thuas). Mar shampla, níl feidhm ag an gceart go ndéanfaí léirscriosadh nó 'an ceart go ligfí i ndearmad', sa chás go bhfuil úsáid na tuairime sin de dhíth chun saoirse tuairimíochta a fheidhmiú.

Ach, níl feidhm ag cearta eile, mar ceartúchán nó léirscriosadh, ach amháin nuair a shásaítear coinníollacha áirithe áfach. I gcás ceartúchán, ní mór go mbeadh na sonraí pearsanta 'easnamhach' nó 'míchruinn' i ndáiríre, agus i gcás léirscriosadh ní mór go mbeadh údar maith leis an iarraidh léirscriosta - ní ceart uathoibríoch atá ann.

Tuairimí agus Ceartúchán

Ní minic a bhíonn sé éasca a léiriú go bhfuil sonraí pearsanta i bhfoirm tuairime míchruinn mar cheist fhíorais, chun go dtiocfadh ceart ceartúcháin chun cinn. I gcás nach bhfuil i gceist ach nach n-aontaíonn tú leis an tuairim a thugtar fút i gcáipéis, bheadh sé deacair ag an DPC (mar an t-údarás maoirseachta) cinneadh a dhéanamh cibé leagan den eachtra (e.g. taifead ar easaontas ag an obair, ina ndéantar tuairimí faoi dhaoine aonair inaitheanta a thaifeadadh) atá ceart, sa chás nach bhfuil fianaise chríochnúil ann i gceachtar cás.

Sa chás go ndéantar tuairim a thaifeadadh go soiléir mar thuairim, mar dearcadh rannpháirtithe a thaifeadadh i nótaí atá glactha ag duine faoi chruinniú, mar sin, d'fhéadfadh sé nach mbeadh ceartúchán de dhíth nó b'fhéidir nach mbeadh i gceist ach soiléiriú a chur leis, mar go bhféadfadh sé gur taifead ceart iad na nótaí sin ar thuairim an duine a ghlac na nótaí ag an am ar glacadh iad. D'fhéadfadh sé gur céim chuí a bheadh ann nóta a dhéanamh ar aon athbhreithniú a rinneadh ina dhiaidh sin maidir leis an tuairim sin nó maidir le faisnéis a cheistíonn nó a bhréagnaíonn an tuairim. Braitheann an freagra cuí a thugtar ar iarraidh ar an gcomhthéacs a bhaineann leis an gcás, agus nuair a thugtar 'tuairim' atá an-ghar d'fhíric maidir leis an mbealach ina ndéantar í a thaifeadadh, d'fhéadfadh go mbeadh gá sin a 'cheartú' agus an fhaisnéis cheart a chur ina áit.

Tuairimí agus Léirscriosadh

Má tá tú ag iarraidh go ndéanfaí tuairim a léirscriosadh faoin gceart go ndéanfaí léirscriosadh nó 'an ceart go ligfí i ndearmad', ba chóir duit iarracht a dhéanamh ó thús ar cibé foras nó bunús a bhfuil an léirscriosadh á lorg agat, amhlaidh sa chás nach bhfuil na sonraí pearsanta de dhíth níos mó chun na críche ar bailíodh iad, gur próiseáladh na sonraí ar bhealach mídhleathach, nó go bhfuil oibleagáid dlí ann na sonraí a léirscriosadh. Ní bheidh feidhm uathoibríoch ag an gceart go ndéanfaí léirscriosadh díreach toisc gur tuairim fút atá sna sonraí pearsanta, fiú sa chás gur tuairim dhiúltach nó bhréagach atá i gceist.