Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána – Roinnt Breithnithe Cosanta Sonraí​​​​​​​

Is seiceáil cúlra é grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána a chomhlánaíonn an Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin agus is cosaint thábhachtach é chun sábháilteacht agus leas leanaí agus daoine fásta leochaileacha a chosaint. Ní mór grinnfhiosrú a dhéanamh ar aon duine a oibríonn le gníomhaíocht nó a dhéanann gníomhaíocht, arb éard atá i gcuid riachtanach agus rialta den obair sin rochtain a bheith acu ar leanaí nó ar dhaoine fásta leochaileacha nó teagmháil a dhéanamh leo.

Mar gheall ar an gcineál faisnéise is féidir a nochtadh nuair a dhéantar grinnfhiosrú ar dhuine, tá sé tábhachtach go mbeadh eagraíochtaí ar an eolas faoina n-oibleagáidí cosanta sonraí agus go mbeadh nósanna imeachta cearta i bhfeidhm acu chun déileáil le nochtadh grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána.

Cuireann an nóta treorach seo cúlra ar fáil maidir leis an gcineál faisnéise is féidir a áireamh i nochtadh grinnfhiosrúcháin agus leagtar amach breithnithe cosanta sonraí d’eagraíochtaí a dhéanann grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána. Tugann an nóta léargas freisin ar chuid de na cearta cosanta sonraí atá ag daoine ar a bhfuil grinnfhiosrú á dhéanamh.

Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána – roinnt breithnithe cosanta sonraí