Scrúdú ar ghearáin maidir leis an gCeart go nDéanfaí Ceartúcháin

30th Mí Aibreán 2019

I bhfianaise na feasachta méadaithe atá ann ar na cearta a thugtar do dhaoine aonair faoin reachtaíocht nua cosanta sonraí, is é aidhm an nóta seo soiléiriú a thabhairt maidir le gnéithe áirithe den cheart go ndéanfaí ceartúcháin ar shonraí pearsanta. Féachtar go háirithe sa nóta seo ar thaifeadadh a dhéanamh ar ainmneacha daoine aonair ina bhfuil comharthaí diaicritice (mar shampla, síntí fada i nGaeilge).

Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 5(1)(d) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí: “Maidir le sonraí pearsanta … beidh siad cruinn agus, i gcás inar gá, coimeádfar suas le dáta iad; déanfar gach beart réasúnta chun a áirithiú go léirscriostar nó go gceartaítear sonraí pearsanta míchruinne gan mhoill, ag féachaint do na críocha ar chucu a dhéantar iad a phróiseáil.”

Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 16 den Rialachán Ginearálta: “Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí go gceartóidh an rialaitheoir sonraí pearsanta míchruinne a bhaineann leis nó léi gan aon mhoill mhíchuí. Agus na críocha dár ndearnadh an phróiseáil á gcur san áireamh, beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí go ndéanfar sonraí neamhiomlána a chomhlánú, lena n-áirítear de bhíthin soláthair ráitis fhorlíontaigh.”

Faoin reachtaíocht cosanta sonraí, tá an ceart ag daoine aonair go ndéanfaí ceartúcháin ar a sonraí pearsanta. Maidir lena mbeidh i gceist sa chleachtas leis an gceart go ndéanfaí ceartúcháin, beidh sé sin ag brath ar imthosca an cháis. Is ar a bhfiúntas féin a dhéanann an Coimisiún um Chosaint Sonraí scrúdú ar na cásanna uile a thagann os a chomhair.

Tríd is tríd, ceanglófar ar rialaitheoirí sonraí gach beart réasúnta a dhéanamh chun cruinneas sonraí pearsanta a áirithiú, agus aird á tabhairt acu ar imthosca an cháis, ar chineál na sonraí pearsanta agus, go háirithe, ar na críocha ar chucu a phróiseáiltear na sonraí pearsanta.

Maidir leis na gearáin a fhaigheann an Coimisiún faoi chásanna inar fágadh comharthaí diaicritice – e.g., an síneadh fada i nGaeilge – ar lár ó ainm duine, is amhlaidh, i bhfianaise Airteagal 5(1)(d) agus Airteagal 16 den Rialachán Ginearálta, nach mór breithniú a dhéanamh ar cé acu a mheastar nó nach meastar go bhfuil sé cruinn ainm a thaifeadadh gan aon chomharthaí diaicritice, ag féachaint do na críocha ar chucu a phróiseáiltear na sonraí (is é sin le rá, ainm an ábhair sonraí).

Críocha na Próiseála

Ní mór coincheap an chruinnis a léiriú i bhfianaise Airteagal 5(1)(d) den Rialachán Ginearálta, ina luaitear go ndéanfar gach beart réasúnta chun a áirithiú go léirscriostar nó go gceartaítear sonraí pearsanta míchruinne gan mhoill, ag féachaint do na críocha ar chucu a dhéantar iad a phróiseáil. I dtaca leis sin, ní mór breithniú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil an t-ainm le feiceáil i dtimpeallacht leithlisithe nó ar cé acu atá nó nach bhfuil aon tosca aitheantais uathúla eile ag baint leis na sonraí pearsanta atá i gceist. Ní mór don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil críocha na próiseála á mbaint amach go fóill gan na comharthaí diaicritice a bheith i láthair.

Cearta Bunúsacha an Ábhair Sonraí

I gcás go bhfágtar comharthaí diaicritice ar lár, ní mór breithniú a dhéanamh freisin ar cé acu a théann nó nach dtéann próiseáil na sonraí pearsanta i bhfeidhm ar an gceart bunúsach atá ag duine chun cosaint sonraí. Aithnítear in Airteagal 8(1) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh go bhfuil ag gach duine an ceart go ndéanfaí na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a chosaint. Aithnítear in Airteagal 8(2) den Chairt go bhfuil ag gach duine an ceart chun rochtain a fháil ar shonraí a bhaineann leis nó léi agus an ceart go ndéanfaí ceartúcháin ar na sonraí sin. Ní dearbhcheart é sin, áfach, agus féadfar é a theorannú de réir Airteagal 52 den Chairt.

I gcomhthéacs gaolmhar, chinn an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine nár shárú ar an gceart chun an tsaoil phríobháidigh agus chun an tsaoil teaghlaigh a ráthaítear faoi Airteagal 8 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine ba ea comharthaí diaicritice a fhágáil ar lár ó ainm duine i ndoiciméid oifigiúla áirithe; féach, mar shampla, Šiškins agus Šiškina v An Laitvia (Iarratas uimh. 59727/00, an 8 Samhain 2001).

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an gCoimisinéir Teanga agus tugann sé faoi deara nach gcuirtear le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 aon oibleagáid ar chomhlachtaí poiblí comharthaí diaicritice amhail síntí fada a úsáid agus ainm agus seoladh duine á dtaifeadadh acu.

Na tuairimí ó Údaráis Mhaoirseachta eile san Aontas Eorpach

Rinne an Coimisiún idirchaidreamh le húdaráis mhaoirseachta eile san Aontas Eorpach i ndáil leis an bhfíric nach féidir leis na córais atá i bhfeidhm ag rialaitheoirí sonraí áirithe comharthaí diaicritice a thaifeadadh agus ainm duine aonair á dhoiciméadú agus i ndáil leis an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith aige sin ar chruinneas na sonraí taifeadta. Sa phróiseas sin, chuir na húdaráis mhaoirseachta in iúl nach dearbhcheart é an ceart go ndéanfaí ceartúcháin agus nach mór breithniú a dhéanamh ar an gcás ar leith ina dtagann neamhthaifeadadh na gcomharthaí diaicritice chun cinn. Go háirithe, ní mór breithniú domhain a dhéanamh ar chríocha na próiseála atá á déanamh agus ar cé acu atá nó nach bhfuil na sonraí a líomhnaítear a bheith míchruinn á n-úsáid i dtimpeallacht leithlisithe nó i gcomhar le haitheantóirí pearsanta eile.

 

Tá an nóta seo ceaptha chun críocha treorach amháin agus níl sé ina cheangal ar an gCoimisiún le linn dó breithniú a dhéanamh ar aon ábhar imní nó ar aon ghearán. Is nithe iad sin nach mór a scrúdú ar a bhfiúntas féin i ngach cás.