Sáruithe ar Shonraí Pearsanta – Cad ba cheart duit a dhéanamh má thagann tú ar shonraí pearsanta in áit phoiblí

05th Mí Meán Fomhair 2019

Bíonn níos mó agus níos mó sonraí pearsanta maidir le daoine aonar ag rialaitheoirí sonraí san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí.

Leanann a lán eagraíochtaí le go leor sonraí pearsanta a choinneáil ar páipéar chomh maith – go minic i suíomhanna ar an láthair ar nós oifigí, gnólachtaí, ospidéil nó áiseanna eile. Bíonn dúshláin slándála ag na heagraíochtaí a bhailíonn na sonraí de bharr an méadú ar na sonraí pearsanta a phróiseáiltear agus a choinnítear.

Ó am go ham, tarlóidh eachtraí nuair a ghoidfear nó nuair a chaillfear sonraí pearsanta atá stóráilte nó coinnithe ar páipéar nó i gcruth digiteach ar fheiste stórála iniompartha ar nós ríomhairí glúine, fóin cliste, nó tiomántáin USB.

Ar an drochsheans go dtiocfaidh duine den phobal ar shonraí pearsanta nó go bhfaighidh sé/sí cáipéisí nó feistí a bhfuil sonraí pearsanta orthu nach mbaineann leis féin, tá sé tábhachtach gan aon sárú a dhéanamh níos measa trí na sonraí a nochtadh nó a aistriú a thuilleadh chuig aon tríú páirtí breise.

Más féidir foinse na sonraí a aithint trí lógó cuideachta, nó trí ainm agus sonraí na heagraíochta, is é an cur chuige a mholtar ná go dtabharfaí na sonraí ar ais chun na foinse láithreach.

Cé go bhféadfadh go mbeadh cathú ann na sonraí pearsanta a léamh nó a scrúdú in aon slí eile, iarrann an Coimisiún um Chosaint Sonraí ar an bpobal gan é seo a dhéanamh, mar d’fhéadfadh go mbeadh sárú eile ar rúndacht i gceist anseo.

D’fhéadfadh go dtiocfadh caillteanas rúndachta do na hábhair sonraí as na sonraí pearsanta a nochtadh nó a phróiseáil ar aghaidh, agus d’fhéadfadh go sárófar cearta agus saoirsí na ndaoine aonar.

Sa chás nach féidir foinse na sonraí pearsanta a aithint, tá fáilte roimh an bpobal teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí, agus déanfaimid iarracht cabhrú leat an t-úinéir dlisteanach a aimsiú chun na cáipéisí a thabhairt ar ais dó/di, agus cuirfidh an Coimisiún um Chosaint Sonraí an t-úinéir ar an eolas maidir lena hoibleagáidí faoi Airteagal 33 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí.