Cosaint sonraí agus canbhasáil

10th Mí Bealtaine 2019

Is tír dhaonlathach í Éire agus tá sé an-tábhachtach go mbeidh polaiteoirí in ann cumarsáid a dhéanamh le vótálaithe roimh na toghcháin Eorpaigh agus na toghcháin áitiúla atá le teacht. Nuair a úsáidtear sonraí pearsanta le haghaidh cuspóirí toghchán, áfach, ní mór dóibh siúd a úsáideann na sonraí meas a bheith acu ar cheart cosanta sonraí an duine aonair agus caithfidh said cloí lena n-oibleagláidí mar rialaitheoirí sonraí faoin dlí um chosaint sonraí.

Tá cead ag ionadaithe tofa, iarrthóirí toghchán agus páirtithe polaitíochta úsáid a bhaint as faisnéis ón gClár Toghthóirí le haghaidh cuspóirí toghchán. Le toiliú an duine aonair, tá cead acu cumarsáid dhíreach leictreonach a sheoladh agus faisnéis a bhailiú go díreach ón duine aonair. Caithfidh go n-úsáidfear sonraí pearsanta go sábháilte agus go trédhearcach i gcomhréir leis na prionsabail um chosaint sonraí, agus caithfidh iad siúd a bhfuil sonraí pearsanta á n-úsáid acu polasaithe agus cosaintí iomchuí a bheith i bhfeidhm acu.

Chruthaigh an Coimisiún um Chosaint Sonraí roinnt acmhainní maidir le cosaint sonraí agus canbhasáil chun cabhrú le vótálaithe agus iarrthóirí cleachtadh a fháil ar a gcearta agus a freagrachtaí nuair a úsáidtear sonraí pearsanta le haghaidh canbhasáil pholaitiúil agus gníomhaíochtaí toghchán.

Cearta daoine aonair

Is ceart bunúsach í cosaint sonraí faoi réir dhlí na hEorpa, agus leagann an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) amach cearta áirithe faoi leith go gcaithfear cloí leo má tá sonraí pearsanta duine aonair á n-úsáid. Áirítear i gcearta an duine aonair i gcomhthéacs gníomhaíochtaí toghchán tá an ceart chun faisnéis a fháil faoi bhailiú agus úsáid a sonraí pearsanta, agus an ceart chun rochtain a fháil ar a sonraí pearsanta a choinnítear ag ionadaí tofa, iarrthóir toghchán, nó páirtí polaitíochta.

D’eisigh an Coimisiún treoir ar chearta cosanta sonraí daoine aonair maidir le toghcháin agus canbhasáil. Tugann an treoir seo tuilleadh faisnéise ar conas a ndéantar cothromú idir chearta cosanta sonraí daoine aonair agus leas an phobail i sochaí dhaonlathach a fheidhmítear go héifeachtach. Áirítear anseo tá an tslí ina bhféadfaí úsáid dhleathach a bhaint as sonraí pearsanta sa Chlár Toghthóirí le haghaidh cuspóirí toghchán, cearta maidir le margaíocht dhíreach leictreonach le haghaidh cuspóirí canbhasála, agus cearta sa chás ina bhféadfaí faisnéis a fháil uait trí chanbhasáil ó dhoras go doras.

Freagrachtaí canbhasálaí

Tá sé tábhachtach go mbeidh polaiteoirí in ann cumarsáid a dhéanamh le vótálaithe. Nuair a bhaineann ionadaithe poiblí, iarrthóirí toghchán, nó páirtithe polaitíochta úsáid as sonraí pearsanta le haghaidh canbhasáil pholaitiúil nó cuspóirí toghchán, caithfidh go ndéanfaidh siad é seo de réir an dlí, go mbeidh meas acu ar na prionsabail um chosaint sonraí, agus go mbeidh polasaithe agus cosaintí iomchuí i bhfeidhm acu.

D’eisigh an Coimisiún treoir ar shonraí pearsanta a úsáid le haghaidh canbhasáil pholaitiúil nó cuspóirí toghchán.  Tugann an treoir seo tuilleadh faisnéise faoi na freagrachtaí atá orthu siúd a bhaineann úsáid as sonraí pearsanta agus canbhasáil á dhéanamh acu tríd an bpost nó ó dhoras go doras, chomh maith le faisnéis faoi suíomhanna gréasán agus margaíocht dhíreach leictreonach a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí toghchán. Tugann an treoir faisnéis chomh maith ar na freagrachtaí atá ar canbhasálaithe bheith trédhearcach faoin úsáid a bhaineann siad as sonraí pearsanta, agus faisneis faoi na coinníollacha atá le comhlíonadh sa chás go n-úsáidfear toiliú mar an bhonn dlíthiúil chun sonraí pearsanta a úsáid.

Ionadaithe tofa agus cosaint sonraí

Comhlíonann ionadaithe tofa feidhm an-tábhachtach i sochaí atá saor agus daonlathach, agus beidh orthu sonraí pearsanta a úsáid i gcónaí chun ionadaíocht éifeachtach a dhéanamh do dhaoine ina ndáilcheantar. Tá sé de chúram orthu na sonraí pearsanta a bhaineann le daoine ina ndáilcheantar a phróiseáil go dleathach, go cothrom agus go trédhearcach.

D’eisigh an Coimisiún ábhair treoracha d’ionadaithe tofa, a forbraíodh mar thoradh ar chomhairliúchán agus teagmháil le páirtithe leasmhara ábhartha. Cuideoidh na hábhair treoracha le hionadaithe tofa feasacht láidir a bheith acu faoina n-oibleagáidí agus a bhfreagrachtaí mar rialaitheoirí sonraí faoin RGCS agus faoin Acht um Chosaint Sonraí 2018.