Fiosrúchán ar Chomhairle Contae Chill Dara - Eanáir 2023

(05/SIU/2018)

Dáta an Chinnidh: 16 Eanáir 2023

Féachadh san fhiosrúchán seo lena mheasúnú cé acu a bhí nó nach raibh Comhairle Contae Chill Dara ag próiseáil sonraí pearsanta i gcomhréir le GDPR agus leis an Acht um Chosaint Sonraí, 2018. Rinneadh scrúdú san fhiosrúchán ar roinnt d’oibríochtaí próiseála na Comhairle, lena n-áirítear an úsáid a bhaineann sí as ceamaraí TCI in áiteanna poiblí chun coireacht a ionchúiseamh nó chun críocha eile.

Áirítear na nithe seo leis na fionnachtana sa chinneadh:

  • Ní raibh aon bhunús dlí ag an gComhairle do shonraí pearsanta a bailíodh trí cheamaraí TCI ag dhá láthair chun cionta coiriúla a chosc.
  • Ní raibh aon bhunús dlí ag an gComhairle do shonraí pearsanta a bailíodh trí cheamaraí TCI chun críocha bainistíochta tráchta.
  • Sháraigh an Chomhairle Airteagal 5(1)(a) GDPR toisc gur chomhroinn sí an fotha beo de cheamaraí bainistíochta tráchta TCI leis an nGarda Síochána gan aon bhunús dlí bailí a bheith aici.
  • Ní raibh aon bhonn dleathach ag an gComhairle d’fhaireachas a dhéanamh le ceamaraí TCI a bhain úsáid as teicneolaíocht Uathaitheanta Uimhirphlátaí.
  • Níor chomhlíon an Chomhairle na hoibleagáidí trédhearcachta atá uirthi faoi Airteagal 13 toisc gur theip uirthi comharthaíocht a chur suas i ndáil lena hoibríochtaí próiseála TCI.
  • Sháraigh an Chomhairle Airteagal 32(1) GDPR toisc gur theip uirthi loga sonraí a choinneáil ina dtaifeadfaí uaireanta sonracha a fuarthas rochtain ar radhairc ceamaraí TCI agus ar phíosaí scannáin taifeadta ó Stáisiún Gardaí an Náis.
  • Sháraigh an Chomhairle na hoibleagáidí atá uirthi faoi ailt 71(1)(f), 72(1) agus 78 d’Acht 2018 toisc gur theip uirthi bearta slándála teicniúla nó eagraíochtúla a chur chun feidhme chun cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach agus ar chailleadh, scrios nó damáiste de thaisme maidir le sonraí pearsanta a bailíodh trí na fothaí ceamara ó na córais TCI ag dhá láthair.
  • Sháraigh an Chomhairle alt 82(2) d’Acht 2018 toisc gur theip uirthi loga sonraí a choinneáil ina dtaifeadfaí aitheantas aon duine aonair a bhreathnaigh ar shonraí pearsanta atá sna radhairc ceamaraí TCI agus sna píosaí scannáin taifeadta ó dhá láthair.
  • Sháraigh an Chomhairle alt 71(1)(c) agus alt 76(2) d’Acht 2018 toisc gur thaifead sí TCI ar réadmhaoine príobháideacha, gan aon teicneolaíocht masctha príobháideachta a bheith ann, ag láthair amháin.
  • Sháraigh an Chomhairle alt 71(10) d’Acht 2018 toisc gur theip uirthi bheith in ann a thaispeáint gurb amhlaidh, maidir lena próiseáil sonraí pearsanta trí cheamaraí TCI ag láthair amháin, nach raibh sí iomarcach i ndáil leis an gcríoch a bhí aici iompraíocht fhrithshóisialta a chosc.
  • Sháraigh an Chomhairle na hoibleagáidí atá uirthi faoi ailt 71(1)(f), 72(1) agus 78 d’Acht 2018 i ndáil le socruithe maidir le sonraí pearsanta a aistriú chuig an nGarda Síochána trí mhearóga neamhchriptithe USB a úsáid.

Ba mar a leanas a bhí na cumhachtaí ceartaitheacha a feidhmíodh:

  • Toirmeasc sealadach ar shonraí pearsanta a phróiseáil le ceamaraí TCI ag láithreacha éagsúla a úsáidtear chun críocha fhorfheidhmiú an dlí choiriúil go dtí gur féidir bunús dlí a shainaithint.
  • Toirmeasc sealadach ar shonraí pearsanta a phróiseáil le ceamaraí TCI a úsáidtear chun críocha bainistíochta tráchta go dtí gur féidir bunús dlí a shainaithint.
  • Ordú do Chomhairle Contae Chill Dara a próiseáil sonraí pearsanta a chur i gcomhréir trí ghníomhartha áirithe a sonraíodh sa chinneadh a dhéanamh.
  • Fíneáil riaracháin €50,000.

Le haghaidh tuilleadh eolais, léigh an cinneadh iomlán i mBéarla: Fiosrúchán ar Chomhairle Contae Chill Dara - Eanáir 2023 (PDF, 2.9mb).