Fiosrúchán maidir le Tacar Sonraí Meta - Samhain 2022

(IN-21-4-2)

Dáta an Chinnidh: 25 Samhain 2022

Ar an 25 Samhain 2022, ghlac an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an DPC) le cinneadh chun fíneáil €265 milliún a ghearradh agus cumhachtaí ceartaitheacha eile a chur ar Meta Platforms Ireland Limited (Facebook Ireland Limited roimhe seo) (Meta Platforms).

Chuir an DPC tús leis an bhfiosrúchán seo ar an 14 Aibreán 2021, de bhun tuairiscí sna meáin faoi aimsiú tacar sonraí de shonraí pearsanta Facebook a bhí tiomsaithe agus curtha ar fáil ar an idirlíon. Bhain raon an fhiosrúcháin le scrúdú agus measúnú ar na huirlisí Facebook Search, Facebook Messenger Contact Importer agus Instagram Contact Importer i dtaca le próiseáil a rinne Meta Platforms Ireland (MPIL) le linn na tréimhse idir an 25 Bealtaine 2018 agus Meán Fómhair 2019. Bhain na ceisteanna ábhartha san fhiosrúchán seo le comhlíonadh na hoibleagáide faoin GDPR le haghaidh Cosaint Sonraí de réir Dearadh agus Réamhshocraithe. Rinne an DPC scrúdú ar fheidhmiú beart teicniúla agus eagraíochtúla de bhun Airteagail 25 GDPR (a phléann leis an gcoincheap seo).

Próiseas fiosrúcháin cuimsitheach a bhí ann. Cé gur próiseáil “trasteorann” a bhí i gceist leis an bpróiseáil a scrúdaíodh, bhí cinneadh an DPC faoi réir an chórais comhoibrithe agus comhsheasmhachta a achoimrítear in Airteagal 60 GDPR agus ghlac gach ceann de na húdaráis maoirseachta Eorpacha eile páirt ann. D’aontaigh na húdaráis maoirseachta eile sin le cinneadh an Choimisiúin um Chosaint Sonraí. Dá réir sin, léiríonn cinneadh an DPC tuairimí coiteanna an DPC agus a chomhúdaráis maoirseachta ar fud an AE.

Glacadh leis an gcinneadh Dé hAoine, 25 Samhain 2022, agus cláirítear cinntí ann gur sáraíodh Airteagail 25(1) agus 25(2) den GDPR. Sa chinneadh cuireadh iomardú agus ordú go gcuirfidh Meta Platforms a phróiseáil i gcomhlíonadh trí réimse bearta sonraithe feabhais a dhéanamh laistigh de thréimhse áirithe. Chomh maith leis seo, ghearr an cinneadh fineálacha riaracháin ar Meta Platforms atá €265 milliún san iomlán.

Le haghaidh tuilleadh eolais, léigh an cinneadh iomlán i mBéarla: Fiosrúchán maidir le Tacar Sonraí Meta - Samhain 2022 (PDF, 1.1 MB).