Fiosrúchán ar A&G Couriers Limited ag trádáil mar Fastway Couriers (Ireland) - Nollaig 2022

 

(IN-21-6-2)

Dáta an Chinnidh: 30 Nollaig 2022

Tosaíodh an fiosrúchán seo i ndáil le sárú sonraí pearsanta ar thug A&G Couriers Limited ag trádáil mar Fastway Couriers, Ireland (Fastway), fógra ina thaobh don Choimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) an 4 Márta 2021. Is é is Fastway ann ná cuideachta a sholáthraíonn seirbhísí cúiréireachta, amhail seachadadh beartán, litreacha, pacáistí agus doiciméad, mar aon le roghanna le haghaidh beartáin a rianú. Bhain an sárú sonraí pearsanta lena mbaineann le rochtain neamhúdaraithe ar shonraí pearsanta a bhí i seilbh Fastway, le linn dó caidreamh a dhéanamh lena sholáthraí seirbhíse chun modhnú ar chórais TFC Fastway a ghabháil de láimh chun dearbhuithe dleachta agus CBL a éascú.

  • Cinneadh gur sháraigh Fastway Airteagal 32(1) GDPR toisc gur theip air bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme chun leibhéal iomchuí slándála a chinntiú i ndáil leis an bpróiseáil a rinne sé ar shonraí pearsanta le haghaidh seirbhísí seachadta a sholáthar, ar sonraí pearsanta iad a bhí á stóráil ina chóras tuairiscithe inmheánach tráth an tsáraithe sonraí pearsanta.

Na cumhachtaí ceartaitheacha a feidhmíodh

  • Leis an gcinneadh, eisíodh iomardú chuig Fastway i leith an tsáraithe.
  • Leis an gcinneadh, forchuireadh fíneáil riaracháin €15,000 ar Fastway i leith an tsáraithe.

Le haghaidh tuilleadh eolais, léigh an cinneadh iomlán i mBéarla: A&G Couriers Limited ag trádáil mar Fastway Couriers (Ireland) - Nollaig 2022 (PDF, 2.5 MB).