Fiosrúchán ar Roinn Sláinte - Meitheamh 2023

(IN-21-3-2)

Dáta an Chinnidh: 16 Meitheamh 2023

Chuir an Coimisiún um Chosaint Sonraí clabhsúr le fiosrúchán ar ghnéithe áirithe den dóigh ar phróiseáil an Roinn Sláinte sonraí pearsanta i 29 gcomhad dlíthíochta. Tosaíodh an fiosrúchán tar éis líomhaintí poiblí a fháil sa bhliain 2021 á rá go ndearna an Roinn bailiú agus próiseáil neamhdhleathach ar shonraí pearsanta faoi ghearánaithe agus faoina dteaghlach i ndlíthíocht a bhain le riachtanais speisialta oideachais.

Sna comhaid a scrúdaíodh, tháinig an Coimisiún ar fhianaise á léiriú gur lorg an Roinn faisnéis ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) faoi sheirbhísí a soláthraíodh do ghearánaithe agus dá dteaghlach. Chuir an Roinn ceisteanna leathana ar áireamh freisin, agus í ag iarraidh ar FSS “aon saincheisteanna eile ar fiú, dar le FSS, trácht a dhéanamh orthu” a chomhroinnt léi. Ba é an toradh a bhí ar an gceist leathan sin ná gur soláthraíodh faisnéis phríobháideach faoi shaol gearánaithe agus faoi shaol a dteaghlaigh.

D’inis an Roinn don Choimisiún gur phróiseáil sí na sonraí pearsanta sin chun a chinneadh cé acu ba cheart nó nár cheart dul i dteagmháil leis an ngearánaí chun féachaint leis an gcás a shocrú. Bhreithnigh an Coimisiún cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon an Roinn an dlí cosanta sonraí nuair a phróiseáil sí sonraí pearsanta ar an gcúis sin. Faoi ailt 41 agus 47 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018, féadfaidh rialaitheoirí sonraí pearsanta a phróiseáil i gcás go mbeidh gá leis an bpróiseáil chun comhairle dlí a sholáthar nó a fháil nó i gcomhthéacs imeachtaí dlí. Chun a chinneadh cé acu a rinne nó nach ndearna an Roinn próiseáil dhleathach ar shonraí pearsanta faoin bhforáil sin, chuir an Coimisiún prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta faoi dhlí an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm.  Chinn an Coimisiún nár sháraigh an Roinn an dlí cosanta sonraí nuair a lorg sí faisnéis faoi na seirbhísí a bhí á soláthar do ghearánaithe i ndáil le cásanna ina raibh dlíthíocht oscailte. Mar sin féin, chinn an Coimisiún gurbh amhlaidh a sháraigh an Roinn an dlí cosanta sonraí nuair a chuir sí ceisteanna leathana arbh é an toradh a bhí orthu gur soláthraíodh faisnéis íogair faoi shaol príobháideach gearánaithe agus faoi shaol príobháideach a dteaghlaigh. Áiríodh leis an bhfaisnéis sin mionsonraí faoi phoist agus imthosca maireachtála an ghearánaí, faisnéis faoi dheacrachtaí pósta tuismitheoirí an ghearánaí agus, i gcás amháin, faisnéis a fuarthas go díreach ó dhochtúir faoi na seirbhísí a bhí á soláthar don ghearánaí. Maidir leis an bpróiseáil a rinneadh ar fhaisnéis a fuarthas de bhun na gceisteanna leathana scóipe a seoladh chuig FSS chun féachaint le cás a shocrú, chinn an Coimisiún go raibh sí iomarcach agus díréireach maidir leis na haidhmeanna a bhí á saothrú ag an Roinn agus nach raibh sí riachtanach chun críocha na dlíthíochta. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún nach raibh aon bhunús dleathach ann leis an bpróiseáil sin sna comhaid a scrúdaíodh agus gur sháraigh an Roinn prionsabal an íoslaghdaithe sonraí trí na sonraí pearsanta sin a phróiseáil. Agus aird á tabhairt ar na tosca ábhartha faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus ar an uasteorainn fíneála ar údaráis phoiblí faoin Acht um Chosaint Sonraí, 2018, chinn an Coimisiún fíneáil €22,500 a fhorchur i leith na sáruithe sin. Chomh maith leis sin, chuir an Coimisiún cosc ar phróiseáil bhreise a dhéanamh ar na sonraí íogaire sna comhaid a scrúdaíodh chun am cuí a chinneadh chun cás a shocrú.

Le linn an fhiosrúcháin, fuair an Coimisiún amach gur choinnigh an Roinn faisnéis eile a bhailigh sí ó FSS agus a fuair sí ó ranna eile rialtais ar a comhaid. Níor tháinig an Coimisiún ar aon fhianaise sna 29 gcomhad dlíthíochta a scrúdaíodh á léiriú gur lorg an Roinn faisnéis go réamhghníomhach ó ranna eile rialtais. Níor tháinig an Coimisiún ach oiread ar aon sárú ar an dlí cosanta sonraí a tháinig as an bhfíoras gur stóráil an Roinn an fhaisnéis sin chun dlíthíocht a chosaint. Baineann na comhaid le dlíthíocht ghníomhach agus d’aithin an Coimisiún gurb ann do roinnt oibleagáidí lena gceanglaítear ar chosantóirí doiciméid a bhaineann le dlíthíocht oscailte a choinneáil.

Tháinig an Coimisiún ar sháruithe ar na hoibleagáidí trédhearcachta faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí freisin. Fuarthas amach san fhiosrúchán nár chuir an Roinn aon mhionsonraí faoina cleachtais ar áireamh san fhógra príobháideachta uaithi. Go háirithe, níor léiríodh san fhógra príobháideachta an méid comhroinnte faisnéise a bhí ar siúl idir an Roinn agus FSS. Chinn an Coimisiún nach bhféadfadh an Roinn brath ar aon díolúintí faoin Acht um Chosaint Sonraí, 2018, chun gan aon fhaisnéis achomair a sholáthar faoi na cleachtais sin sa bheartas príobháideachta uaithi.

Chinn an Coimisiún freisin gur sháraigh an Roinn na ceanglais atá ann sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach slán. Cinneadh san fhiosrúchán gur cheart don Roinn a chinntiú go mbeadh srianta rochtana inmheánacha níos fearr i bhfeidhm i ndáil leis na comhaid. 

Mar aon leis an bhfíneáil agus leis an gcosc ar phróiseáil atá leagtha amach thuas, eisíodh iomardú i leith na sáruithe uile.

Le haghaidh tuilleadh eolais, léigh an cinneadh iomlán i mBéarla: Fiosrúchán ar Roinn Sláinte - Meitheamh 2023 (PDF, 1.35mb).