Fógraíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí gur Cuireadh Clabhsúr le Fiosrúchán ar Ollscoil Mhá Nuad
06th Mí na Nollag 2024
Inniu, d’fhógair an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) an cinneadh críochnaitheach uaidh tar éis fiosrúchán ar shárú sonraí pearsanta in Ollscoil Mhá Nuad. Thosaigh an Coimisiún an fiosrúchán seo dá dheoin féin i mí Iúil 2019. Bhain an fiosrúchán le sárú sonraí pearsanta ar thug Ollscoil Mhá Nuad fógra faoi i mí na Samhna 2018.
...