Ceapadh Niamh Sweeney mar Choimisinéir Cosanta Sonraí i mí Mheán Fómhair 2025.
Tá taithí trasearnála ag an gCoimisinéir Sweeney, agus í ag obair i réimsí amhail an teicneolaíocht, an tseirbhís phoiblí agus na meáin le breis agus 20 bliain anuas. Sular ceapadh í, bhí sí ina stiúrthóir le gnólacht comhairleach straitéiseach domhanda. Shealbhaigh sí róil shinsearacha ag roinnt cuideachtaí teicneolaíochta roimhe sin, lenar áiríodh an ról mar Stiúrthóir um Beartas Poiblí don Eoraip, don Mheánoirthear agus don Afraic ag WhatsApp. Sula ndeachaigh sí isteach san earnáil teicneolaíochta, bhí sí ina comhairleoir speisialta ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. D’oibrigh sí mar iriseoir le roinnt mhaith blianta, agus í ag obair ag RTÉ, craoltóir náisiúnta, i measc áiteanna eile.
Sealbhaíonn an Coimisinéir Sweeney BA sa Léann Eorpach ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus tá dhá chéim aici ó Ollscoil Columbia, Nua-Eabhrac.