Grianghraif a thógáil le linn ócáidí scoile – Baineann tábhacht le gnáthchiall

23rd April 2019

Mar thoradh ar thabhairt isteach an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (an Rialachán Ginearálta), tá athrú suntasach tagtha ar an dearcadh atá ag daoine i leith cosaint sonraí. Ina theannta sin, bíonn eagraíochtaí i ngach cineál earnála ag déileáil le dúshláin dhifriúla chun a chinntiú go mbíonn a leasanna féin á gcothromú leis na cearta atá ag daoine aonair maidir lena sonraí pearsanta. Pléitear sa phostáil blag seo ceann amháin de na dúshláin a mbítear ag déileáil leo san earnáil oideachais, mar atá grianghraif a thógáil le linn ócáidí scoile.

Is minic a fhaigheann an Coimisiún um Chosaint Sonraí ceisteanna ó scoileanna, ó thuismitheoirí, agus ó ghrianghrafadóirí fiú, faoi ghrianghraif a thógáil le linn ócáidí scoile. I measc na n-ócáidí sin tá ceolchoirmeacha, cluichí peile, laethanta spóirt, Comaoineacha Naofa, agus searmanais bhronnta. Is iad seo na ceisteanna coitianta a chuirtear: “An gá toiliú a fháil ó chaomhnóir le leanbh sula bhféadfar grianghraf a thógáil de leanbh?”, “An gá toiliú a fháil le haghaidh gach ócáide scoile ar leith?”, “An bhféadfaidh scoileanna cosc a chur ar thuismitheoirí grianghraif a thógáil le linn ócáidí scoile?”, agus “An bhféadfaidh daoine grianghraif de leanaí daoine eile a thógáil gan cead a fháil ó chaomhnóir leo?” Tá an frása “Mar thoradh ar an Rialachán Ginearálta” i mbéal an phobail le tamall beag anuas. Is cosúil go mbaineann sé sin le cásanna ina ndeir scoileanna “[go] bhféadfaimid grianghraf de dhalta a fhoilsiú ach ní fhéadfaimid ainm an dalta a lua mar thoradh ar an Rialachán Ginearálta agus le cásanna ina ndeir tuismitheoir “[nach] bhféadfaidh mé grianghraf den leanbh liom a thógáil le linn dhráma na Nollag mar thoradh ar an Rialachán Ginearálta. Is nithe iad sin a léiríonn an mearbhall inbhraite atá ann faoin tsaincheist.

Filleadh ar na bunfhíricí

Sula bpléimid an comhthéacs a bhaineann go sonrach le scoileanna agus le leanaí, fillimis ar na bunfhíricí. In agallamh a rinne sí le déanaí leis an Irish Independent, luaigh Helen Dixon, an Coimisinéir Um Chosaint Sonraí, nach ann d’aon ní sa Rialachán Ginearálta lena gcuirtear cosc ar dhaoine grianghraif a thógáil in áit phoiblí. Ar an gcoinníoll nach bhfuil aon duine á c(h)iapadh agat, is ceadmhach de ghnáth grianghraif a thógáil de dhaoine amuigh sa phobal. Mar sin féin, ceist eile ar fad is ea cé acu is ceadmhach nó nach ceadmhach grianghraf a fhoilsiú os comhair lucht féachana leathan. I bhfocail eile, is ceadmhach de ghnáth grianghraf a thógáil amuigh sa phobal; is é an ní a dhéanann tú leis an ngrianghraf sin an ní a d’fhéadfadh a bheith ina fhadhb cosanta sonraí.

Tabharfaidh tú faoi deara go bhfuil na focail “pobal” agus “poiblí” luaite arís agus arís eile thuas – is toisc thábhachtach í sin nach mór a chur san áireamh i gcás ócáid scoile. Is dócha nach ionann na rialacha comhraic le haghaidh grianghraif a thógáil le linn dhráma na Nollag i scoil, rud a chuirtear ar an ardán go sonrach do bhaill teaghlaigh, agus na rialacha sin a chuirtear i bhfeidhm ag ceoldráma scoile atá ar oscailt don phobal agus a dteastaíonn ticéid ina chomhair.

Grianghraif á dtógáil ag baill teaghlaigh agus ag cairde le linn ócáidí scoile

Drámaí scoile, cluichí rugbaí, ceolchoirmeacha charúl Nollag – is ócáidí tábhachtacha iad go léir a mbíonn fonn ar thuismitheoirí, ar bhaill teaghlaigh agus ar chairde iad a thaifeadadh ar cheamara. Mar sin féin, tagann ceisteanna amhail “An ceadmhach íomhá linbh eile a thaifeadadh le linn grianghraif den leanbh leat a thógáil?” chun cinn arís agus arís eile, rud a fhágann nach eol do thuismitheoirí, ná do scoileanna fiú, cad ba cheart a dhéanamh. Formhór an ama, is ar son athchuimhne a thógann baill teaghlaigh grianghraif le linn na gcineálacha sin ócáide agus ní bhíonn sé mar aidhm acu na grianghraif a phostáil ná a fhoilsiú in áit ar bith. Tagann an cineál sin gníomhaíochta faoi ní ar a dtugtar an “díolúine tís” sa Rialachán Ginearálta. Foráiltear leis an díolúine sin nach mbeidh feidhm ag an Rialachán Ginearálta maidir le cásanna ina bpróiseálann duine sonraí pearsanta (mar shampla, grianghraf de dhuine éigin) le linn gníomhaíocht is gníomhaíocht phearsanta nó tí amháin e.g. gníomhaíocht nach bhfuil baint ar bith aici le gníomhaíocht ghairmiúil, gnó, oifigiúil nó tráchtála.

An méid sin ráite, is amhlaidh, mar gheall ar chineál uileláithreach na meán sóisialta, go dtaispeánfar a lán grianghraf den sórt sin ar an gcuntas atá ag tuismitheoir bródúil éigin ar Instagram. Dáiríre, ní chuirtear toirmeasc air sin leis an Rialachán Ginearálta ach oiread. Luaitear in Aithris 18 go bhféadfadh líonrú sóisialta a bheith ar áireamh le gníomhaíochtaí pearsanta nó tí. Más amhlaidh, áfach, gur fhoilsigh tuismitheoir grianghraf den leanbh leis/léi, rud inar cuimsíodh íomhánna de leanaí eile, agus go raibh tuismitheoir le duine amháin de na leanaí eile míchompordach leis sin agus gur iarr sé/sí ar an tuismitheoir a d’fhoilsigh é an grianghraf a bhaint anuas, thabharfadh an ghnáthchiall agus an ghnáth-chúirtéis le tuiscint gur cheart don tuismitheoir an grianghraf a bhaint anuas.

Chun iarracht a dhéanamh smacht éigin a choinneáil ar na cúinsí, tá lántoirmeasc á chur ag roinnt scoileanna ar ghrianghraif a bheith á dtógáil ag tuismitheoirí/baill teaghlaigh le linn ócáidí scoile. Cé go bhfuil sé faoi rogha na scoileanna a mbeartais féin a chruthú ar na nithe sin le haghaidh ócáidí dúnta scoile, tarlaíonn sé in amanna go bhfuil sé doiligh forfheidhmiú a dhéanamh ar lántoirmeasc, chun críocha cosanta sonraí, ar ghrianghraif a thógáil ag léiriú na scoile de Grease the Musical, mar shampla, rud a bhféadfaidh daoine den phobal freastal air freisin.

Grianghrafadóireacht oifigiúil le linn ócáidí scoile

Is minic a thógann scoileanna grianghraif nó a fhostaíonn siad grianghrafadóirí chun freastal ar ócáidí scoile le haghaidh ócáid tábhachtacha a thaifeadadh. Áirítear leo sin saotharlann nua eolaíochta a oscailt, ceolchoirm bhliantúil de chuid cheolfhoireann na scoile nó an cluiche ceannais de chomórtas peile. Foilsítear na híomhánna sa deireadh ar shuíomh Gréasáin na scoile, sa nuachtán áitiúil, nó i nuachtlitir mhíosúil na scoile. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach ionann staid na scoileanna agus staid na dtuismitheoirí/na mball teaghlaigh/na gcairde sa mhéid is nach bhféadfaidh siad brath ar an díolúine tís. Tá siad ag gníomhú mar rialaitheoirí sonraí, rud a fhágann go bhfuil siad faoi raon feidhme an Rialacháin Ghinearálta agus na rialacha go léir a ghabhann leis. Mar shampla, ní mór dóibh bunús dlí a bheith acu leis na sonraí pearsanta a phróiseáil (e.g. grianghraif a thógáil agus a stóráil) agus ní mór dóibh faisnéis shoiléir achomair a thabhairt faoi na nithe atá siad ag déanamh leis na sonraí sin, faoi cá fhad a bheidh an fhaisnéis sin á coimeád acu, etc.

Is ann do shé bhunús dlí le haghaidh sonraí pearsanta a phróiseáil faoin Rialachán Ginearálta agus ní mór do scoileanna a chinntiú go mbeidh siad in ann brath ar cheann amháin de na bunúis dlí sin sula bhféadfaidh siad sonraí pearsanta a gcuid daltaí (grianghraif díobh sa chás seo) a phróiseáil. Insíodh don Choimisiún um Chosaint Sonraí scéilín le déanaí faoi scoil a thug grianghraf do nuachtán de bheirt daltaí a bhuaigh duais i gcomórtas náisiúnta ach a mhaígh nach bhféadfadh sí ainm na ndaltaí sin a thabhairt don nuachtán mar thoradh ar an Rialachán Ginearálta. Áirítear le sonraí pearsanta a phróiseáil roinnt mhaith gníomhaíochtaí amhail grianghraif de dhaltaí a thógáil, na grianghraif sin a fhoilsiú in áit éigin, agus ainm daltaí a thabhairt i bhfoilseacháin. Mar sin de, más rud é go raibh bunús bailí dlí ag an scoil atá i gceist anseo le grianghraif dá gcuid daltaí a fhoilsiú ar an gcéad dúl síos (mar shampla, fuair an scoil toiliú ó thuismitheoirí na ndaltaí), ní dócha nach raibh siad in ann ainm na ndaltaí a thabhairt freisin.

Más rud é gur shainaithin scoil gurb é toiliú an bunús cuí dlí le grianghraif a thógáil agus a fhoilsiú i gcomhthéacs ar leith, beidh uirthi de ghnáth toiliú le déanamh amhlaidh a fháil ó thuismitheoir nó caomhnóir leis an leanbh, ag brath ar aois an linbh. Neartaítear an tairseach toilithe faoin Rialachán Ginearálta agus ceanglaítear léi nach mór an toiliú a bheith tugtha faoi shaoirse agus a bheith sonrach, feasach agus gan athbhrí. Ní mór féidearthacht a bheith ag an tuismitheoir nó ag an gcaomhnóir a t(h)oiliú a tharraingt siar am ar bith, agus aird á tabhairt ar an bhfíric nach rachaidh tarraingt siar an toilithe i bhfeidhm ar an úsáid a baineadh roimhe sin as aon ghrianghraif den leanbh ar leith sin a tógadh sular tarraingíodh an toiliú siar.

Más rud é go bhfuil toiliú á iarraidh ag scoil ó thuismitheoir nó ó chaomhnóir le grianghraf den leanbh leis/léi a thógáil ag ócáidí scoile, tá sé ríthábhachtach go dtugann an scoil cuntas soiléir cruinn ar an gcomhthéacs ina bhfuil na grianghraif sin le tógáil, mar shampla na cineálacha ócáide scoile a dtógfar na grianghraif lena linn, an cuspóir a n-úsáidfear na grianghraif ina leith, cé a úsáidfidh na grianghraif, cén áit a dtaispeánfar na grianghraif agus cá fhad a choimeádfar iad. Tá sé tábhachtach freisin gurb eol do thuismitheoirí/do chaomhnóirí go bhfuil sé de cheart acu a dtoiliú leis na grianghraif sin a úsáid sa todhchaí a tharraingt siar am ar bith.

Is féidir go mbeidh sé níos fusa do scoileanna an toiliú sin a iarraidh ó thuismitheoirí/ó chaomhnóirí i dtús gach téarma scoile nó i dtús gach bliana scoile chun go bhféadfar gníomhaíochtaí sonracha ar fud an téarma scoile/na bliana scoile a chumhdach go soiléir leis an toiliú. Mar sin féin, i gcás go dtiocfaidh athrú bunúsach ar an gcineál agus an comhthéacs ina dtógtar grianghraif, mar shampla, tá na grianghraif le tógáil le linn ócáide nach mbeadh tuismitheoirí ag súil go dtógfaí iad lena linn nó tá siad le postáil nó le foilsiú in áit éigin nach rabhthas ag súil leis, ba cheart do scoileanna toiliú a iarraidh ó thuismitheoirí nó ó chaomhnóirí an athuair.

Mar sin féin, níor cheart dúinn neamhiontas a dhéanamh de na leanaí agus na daoine óga iad féin sna cásanna sin. Tá cearta acu freisin i dtaca lena sonraí pearsanta agus ba cheart iad a chur ar an eolas faoin bhfíric go bhfuil íomhánna díobh á dtógáil agus á n-úsáid, mar shampla, don nuachtán áitiúil. Má tá scoil ag brath ar thoiliú mar bhunús dlí aici, ba cheart aois na ndaltaí a bhfuil grianghraif le tógáil díobh a chur san áireamh nuair atáthar ag iarraidh toilithe toisc gur féidir go mbeidh na daltaí in ann an cinneadh sin a dhéanamh dóibh féin. Mar shampla, is féidir gur thug an tuismitheoir le leanbh 15 bliana d’aois toiliú le grianghraif den leanbh leis/léi a bheith á dtógáil le linn sheó tallainne na scoile lena bhfoilsiú sa nuachtán áitiúil. Is féidir, áfach, go n-agóidfidh an leanbh 15 bliana d’aois ina aghaidh sin agus nár mhaith leis/léi grianghraf de/di a bheith ar taispeáint sa nuachtán áitiúil. Tá na scoileanna iad féin san áit is fearr lena chinneadh cén aois ag a bhfuil na daltaí in ann a thuiscint cad go díreach a bhfuil siad ag aontú leis agus toiliú a thabhairt iad féin. Mar sin de, is féidir go mbeidh sé riachtanach páirt a thabhairt don tuismitheoir/don chaomhnóir agus don dalta sa phlé ar thoiliú, ag brath ar an gcomhthéacs agus ar aois an dalta.

Grianghraif de ghrúpaí móra a thógáil

Tarlaíonn sé in amanna go bhfuil sé dúshlánach toiliú a fháil le grianghraif de ghrúpaí móra daoine a thógáil agus a fhoilsiú. Mar shampla, cad ba cheart a dhéanamh mura dtugann duine amháin nó beirt sa ghrúpa toiliú? Ag comhdháil ar fhreastail an Coimisiún um Chosaint Sonraí uirthi le déanaí, d’iarr na heagraithe toiliú i scríbhinn ó na cainteoirí le grianghraif a bheith á dtógáil díobh ag an ócáid (agus leis na grianghraif a bheith á bhfoilsiú ar shuíomh Gréasáin na hócáide) agus le bheith á bhfístaifeadadh agus iad ag labhairt ar phainéal ag an gcomhdháil toisc go rabhthas ag iarraidh an taifeadadh de na díospóireachtaí painéil a phostáil ina dhiaidh sin ar shuíomh Gréasáin na n-eagraithe. Bunaithe ar cé acu a thoiligh nó nár thoiligh na rannpháirtithe sa chomhdháil leis na gníomhaíochtaí sin, tugadh láinnéir a raibh dathanna difriúla orthu dóibh lena gcaitheamh thart ar a muineál, rud a léirigh don ghrianghrafadóir agus don fhísghrafadóir cé acu a thug nó nár thug duine aonair toiliú lena t(h)aifeadadh. Cé gur cinnte nach raibh sé éasca an méid sin a eagrú, is amhlaidh go raibh sé éifeachtach. D’fhéadfadh go bhféadfadh scoileanna cur chuige den chineál céanna a úsáid i gcomhthéacsanna áirithe. Deirimis gur mhaith le scoil grianghraif a thógáil le linn lá spóirt agus iad a fhoilsiú. D’fhéadfadh an scoil a chur in iúl do thuismitheoirí roimh ré go bhfuil grianghraif le tógáil le linn na hócáide sin agus d’fhéadfadh sí greamáin a bhfuil dathanna difriúla orthu a sholáthar do na leanaí lena gcaitheamh chun a chur in iúl cé acu is ceadmhach nó nach ceadmhach grianghraif a thógáil díobh.

An é toiliú an ní is tábhachtaí?

Ní hé toiliú an t-aon bhunús dlí amháin le sonraí pearsanta a phróiseáil – is féidir go dtiocfaidh cásanna chun cinn ina bhféadfadh scoileanna bheith in ann brath ar leas dlisteanach mar bhunús dlí le grianghraif a thógáil. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gurb amhlaidh, i gcás go bhfuil scoil, nó aon rialaitheoir sonraí eile, ag brath ar leasanna dlisteanacha mar bhunús dlí, go dteastaíonn cleachtadh cothromúcháin chun a chinntiú go gcuirtear san áireamh na cearta agus leasanna atá ag duine aonair, go háirithe i gcás gur leanbh é/í an duine aonair, agus nach dtugtar neamhaird orthu go héagórach. Mar shampla, i gcás go bhfuil grianghraif de shaoráidí scoile á dtógáil le haghaidh réamheolaire scoile agus go bhfuil líon an-ard leanaí le feiceáil i gcúlra na ngrianghraf sin, luíonn sé le réasún go bhféadfaidh an scoil na grianghraif a fhoilsiú chun na gcríoch sin, agus í ag brath ar leasanna dlisteanacha mar bhunús dlí. I bhfocail eile, féadfaidh sí iad a fhoilsiú gan toiliú a fháil i leith gach linbh ar taifeadadh a n-íomhá i gcúlra na ngrianghraf. Más amhlaidh, áfach, nár taifeadadh i ngrianghraf den sórt sin ach leanbh amháin nó beirt a bhí in-sainaitheanta go soiléir, mar atá i dtimpeallacht clós súgartha, in ionad radharc slua ina raibh líon ard leanaí ann san aon timpeallacht amháin, beidh toiliú ina bhonn dlí níos oiriúnaí don ghrianghraf a fhoilsiú sa chéad chás agus beidh sé réasúnach don scoil brath ar leasanna dlisteanacha sa dara cás. I gcás ar bith, ba cheart do scoileanna, cosúil le gach rialaitheoir sonraí, a bheith in ann a thaispeáint go ndearna siad measúnú ar shaincheisteanna cosanta sonraí agus a bheith in ann a chur in iúl cén fáth ar shainaithin siad bunús dlí ar leith a bheith ar an mbunús is oiriúnaí do chás ar leith ina bhfuil grianghraif á dtógáil agus á bhfoilsiú.

Focal scoir...

Mairimid ar domhan ina bhféadfadh gach duine a bhfuil fón cliste aige/aici a bheith ina g(h)rianghrafadóir. Ní fhoráiltear leis an Rialachán Ginearálta do threochlár beacht maidir le cén uair is ceadmhach grianghraif a thógáil le linn ócáidí scoile agus iad a fhoilsiú. Mar sin féin, bainfear leas as cur chuige cothromaithe gnáthchéille chun a chinntiú go dtabharfar aird ar chearta daoine aonair, agus á chinntiú ag an am céanna nach n-éireoidh cosaint sonraí ina bac ar ócáidí tábhachtacha scoile a thaifeadadh agus a cheiliúradh.