Loga Nochta um Shaoráil Faisnéise 2023

Iarrataí Saorála Faisnéise a Fuarthas agus a Cuireadh i gCrích ar Fhaisnéis Neamhphearsanta le linn 2023

 

De bhun Sceideal 1, Cuid 1 den Acht um Shaoráill Faisnéise 2014, tá an DPC faoi réir an Achta maidir le taifid a bhaineann le riaracháin ginearálta an Choimisiúin amháin. Tagraíonn an téarma “riarachán ginearálta” le taifid a bhaineann le bainistíocht an DPC mar eagraíocht, ar nós taifid a bhaineann le pearsanra, ceisteanna pá, earcaíocht, cuntais, teicneolaíocht faisnéise, cóiríocht, eagraíocht inmheánach, agus gnásanna oifige. Ní comhlacht um SF é an DPC ó thaobh taifid a bhaineann lena fheidhmeanna mar údarás maoirseachta um chosaint sonraí.

 

Sa loga nochta thíos, leagtar amach sonraí iarrataí neamhphearsanta ar rochtain ar fhaisnéis a réitigh an DPC de réir an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014. Níl sonraí iarrataí ar fhaisnéis atá lasmuigh de raon an Achta um SF 2014 san áireamh sa loga nochta.

 

 

Dáta na hIarrata

 

Catagóir Iarrthóra

 

Achoimre ar an Iarraidh

 

An Bhreith a Tugadh

 

Dáta an Fhreagra

03/01/2023

 

Iriseoir

 

Cóip d’aon tuarascálacha ar dhul chun cinn maidir le feistiú/seachadadh ceanncheathrún nua an Choimisiúin.

 

Géilleadh don iarraidh go páirteach

 

01/02/2023

                 

31/01/2023

 

Grúpa Sainleasa

 

1. Doiciméid ina bhfuil stádas agus achair ama le haghaidh forbairt agus cur i bhfeidhm an Chórais nua Bainistíochta Cáis, aon céimeanna, costais agus buiséid, leasuithe agus nósanna imeachta soláthair san áireamh.

 

2. Taifid maidir le costas cothábhála an chórais Lotus Notes, slándáil, oiliúint, sainchomhairleacht, agus soláthar san áireamh.

 

Géilleadh don iarraidh go páirteach

 

29/03/2023

                 

28/02/2023

 

Iriseoir

 

Cóip de mhiontuairiscí cruinnithe an bhoird bainistíochta don sé mhí is déanaí atá ar fáil.

 

Géilleadh don iarraidh go páirteach

 

29/03/2023

                 

27/04/2023

 

Grúpa Sainleasa

 

Cóip de rogha taifead a nochtadh in 2022, mar a nótáladh ó loga nochtadh 2022.

 

Géilleadh don iarraidh

 

26/05/2023

                 

04/05/2023

 

Iriseoir

 

-cóipeanna de chomhfhreagras idir an gCoimisiún agus an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí maidir le líonadh post le haghaidh anailísithe dlí ag leibhéal Ardoifigigh Feidhmiúcháin ag an gcoimisiún.

- cóipeanna de thaifid a choinnítear ag tagairt do nó i dtaca leis an riosca atá ann mura líontar na poist thuasluaite.

 

Géilleadh don iarraidh go páirteach

 

31/05/2023

                 

30/05/2023

 

Grúpa Sainleasa

 

Cóip de Thuarascáil Chlabhsúir an Chórais Bainistíochta Cáis.

 

Géilleadh don iarraidh go páirteach

 

27/06/2023

                 

12/06/2023

 

Duine Aonair

 

Cóip an Taifid de Ghníomhaíochtaí Próiseála (ROPA) de chuid an Choimisiúin.

 

Géilleadh don iarraidh

 

12/06/2023

                 

12/07/2023

 

Duine Aonair

 

Taifid maidir le soláthar seirbhísí ríomhphoist don Choimisiún ó TF Roinne.

 

Géilleadh don iarraidh go páirteach

 

10/08/2023

                 

11/10/2023

 

Iriseoir

 

- Comhfhreagras idir an gCoimisiún agus an Roinn Dlí maidir lena leithdháileadh i mbuiseád 2024.

- Cóip d’aon aighneacht réamh-bhuiséid a d’ullmhaigh an Coimisiún le cur isteach roimh Buiséad 2024.

 

Géilleadh don iarraidh

 

09/11/2023

                 

28/11/2023

 

Iriseoir

 

Comhfhreagras idir an gCoimisiún agus Oifig na nOibreacha Poiblí maidir le moill ar áitreabh nua an Choimisiúin a fheistiú.

 

Géilleadh don iarraidh go páirteach

 

28/12/2023