Helen Dixon

Helen Dixon, Coimisinéir Cosanta Sonraí

Helen DixonCeapadh Helen Dixon mar Choimisinéir Cosanta Sonraí d’Éirinn i Meán Fómhair 2014. Tá sí freagrach as cearta daoine aonair a dhearbhú maidir leis an tslí a úsáidtear sonraí fúthu. Ceann de riachtanais an róil, i measc rudaí eile, ná rialúchán líon mór de chuideachtaí idirlín na Stáit Aontaithe le bunáiteanna Eorpacha in Éirinn. Iar-Chláraitheoir na gCuideachtaí ab ea Helen agus bhí rólanna sinsearacha aici chomh maith sa Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíoctha, ag obair ar bheartas imirce eacnamaíoch, eolaíocht, teicneolaíocht agus beartas nuálaíochta. Chaith sí an chéad deich mbliana dá gairm bheatha ag obair sa tionscal TF. Tá cáilíochtaí iarchéime aici i nGnóthaí Eacnamaíochta agus Poiblí na hEorpa, Rialachas, Eolaíocht Ríomhaireachta, Staitisticí Oifigiúla um Mheasúnú Beartais, agus Scileanna Breithiúnacha agus Cinnteoireacht. Bhí áthas an domhain uirthi nuair a bronnadh ánracht oinigh uirthu de chuid Institiúid Rúnaithe agus Riarthóirí Cairte (ICSA) i 2014.