Treoirnóta: Taifid ar ghníomhaíochtaí próiseála faoi airteagal 30 GDPR

Ceanglaítear le hAirteagal 30 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) go gcoimeádfadh Rialaitheoirí Sonraí Taifead ar Ghníomhaíochtaí Próiseála (Taifead) atá faoina gcúram. Le hAirteagal 30 GDPR, forordaítear an fhaisnéis nach mór a bheith sna taifid agus luaitear nach mór do rialaitheoirí agus do phróiseálaithe bheith in ann taifid den sórt sin a sholáthar don Choimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) arna iarraidh sin. Mar bheart chun comhlíonadh a léiriú, tá Taifid ar Ghníomhaíochtaí Próiseála ar cheann amháin de na modhanna trína ndéanann Rialaitheoirí Sonraí prionsabal na cuntasachta, mar atá leagtha amach in Airteagal 5(2) GDPR, a léiriú agus a chur chun feidhme. Trí Thaifead dea-dhréachtaithe a sholáthar, léireofar don Choimisiún go bhfuil Rialaitheoir Sonraí eolach ar na gníomhaíochtaí próiseála uile atá ar bun laistigh den eagraíocht agus go ndearna sé breithniú ar chríocha na próiseála sin.

Dréachtaíodh an treoir seo chun cabhrú le heagraíochtaí na hoibleagáidí atá orthu faoi Airteagal 30 a chomhlíonadh.

Treoirnóta Iomlán anseo (PDF).