Doiciméid agus Taifid a Chur in Eagar

Is atheagrú a thugtar ar an bpróiseas ina ndéantar faisnéis a cheilt agus an chuid eile den doiciméad nó den taifead ina bhfuil sí a fhágáil slán. Déantar é sin de ghnáth tríd an ábhar doiléir a 'bhlocáil amach' ach, mar a phléifear thíos, d'fhéadfadh cur chuige eile a bheith níos oiriúnaí, níos áisiúla nó níos éifeachtaí.

Is iomaí cás ina mbíonn sé riachtanach nó inmholta teorainn a chur le hábhar doiciméad nó comhad atá le foilsiú nó le nochtadh ar shlí eile. D'fhéadfadh faisnéis rúnda nó dílsithe a bheith i ndoiciméad a bhfuil inneachar neamhchonspóideach ann nár cheart a nochtadh don fhaighteoir ná don phobal i gcoitinne. Is féidir le rialacha lena rialaítear rúndacht oifigiúil, pribhléid dhlíthiúil nó rúndacht ghairmiúil srian a chur le nochtadh faisnéise i gcoitinne nó le haicmí áirithe daoine.

I gcomhthéacs na cosanta sonraí, is é an cás is coitianta nach mór atheagrú a dhéanamh ar ábhar  nuair a bhítear ag freagairt d'iarratas ar rochtain ábhair (nó 'SAR') faoi Airteagal 15 den GDPR. (Chun tuilleadh eolais a fháil ar SARs, féach leathanach gréasáin agus naisc an DPC anseo.) Díreoidh an píosa seo, dá bhrí sin, ar atheagrú sa chomhthéacs sin.

Doiciméid agus Taifid a Chur in Eagar: Treoirnóta iomlán