Anailísí Dlí sa Choimisiún um Chosaint Sonraí Podchraoladh

19th Mí Meitheamh 2024

Tá an Coimisiún um Chosaint Sonraí ag iarraidh Anailísithe Dlí a earcú (ar leibhéal an Ardoifigigh Feidhmiúcháin), ar daoine iad ag a mbeidh príomhról i gceann de na rialálaithe cosanta sonraí is feiceálaí agus is gníomhaí san Eoraip agus a gheobhaidh deiseanna chun rannchuidiú le hobair fhairsing an Choimisiúin ar an leibhéal náisiúnta agus leis an ról ardiomrá uathúil atá aige i maoirseacht a dhéanamh ar eagraíochtaí idirnáisiúnta móra atá lonnaithe in Éirinn.

Is é atá i gceist leis an ról ná taighde dlí agus anailís dlí a dhéanamh agus tacaíocht dlí a sholáthar ar fud raon leathan de ghníomhaíochtaí an Choimisiúin. Pléann Anailísithe Dlí le raon éagsúil saincheisteanna substainteacha cosanta sonraí agus le nithe nua dlí agus rialála.

Is deis uathúil chorraitheach é seo chun dul isteach i bhfoireann an Choimisiúin. Cuirtear fáilte roimh iarratais ó iarrthóirí ag gach céim dá ngairm a chomhlíonann na ceanglais íosta don phost.

Déan iarratas anois: https://www.publicjobs.ie/ga/?option=com_jobsearch&view=jobdetails&Itemid=263&cid=190475&campaignId=undefined

Dáta deiridh: 3pm, Déardaoin an 4 Iúil 2024.

Éist lenár bpodchraoladh le Sorcha Montgomery, Anailísí Dlí, agus le Julia Drennan, Coimisinéir Cúnta, a thugann léargas ar an saol mar Anailísí Dlí sa Choimisiún, lena n-áirítear na gnáthfhreagrachtaí laethúla, na peorcaisí agus na tairbhí a bhaineann leis an ról, mar aon leis na deiseanna le haghaidh tuilleadh fáis agus oiliúna.

Chun éisteacht leis an bpodchraoladh, cliceáil thíos chun é a sheinm (MP3, 5:29 nóiméad, i mBéarla).