An tSeirbhís Cúirteanna v. DPC (Páirtí Fógra: PM) - Feabhra 2020

Uimh. Thaifid

2018/4097

Cineál bearta agus Ionad

Achomharc reachtúil, An Chúirt Chuarda

Dáta an Bhreithiúnais/Ordú

6 Feabhra 2020

Toradh

Trí chinneadh a bhfuil dáta 13 Meitheamh 2018 air, a rinneadh faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003 (Achtanna CS”), mheas an Coimisinéir Cosanta Sonraí gur theip, trí fhoilsiú breithiúnais a d´aithin an Páirtí Fógra lena ainm, i gcúinsí ina raibh treoir tugtha ag an Ardchúirt níos luaithe nár chóir ainm an Pháirtí Fhógra a fhoilsiú, gur theip ar an tSeirbhís Cúirteanna (1) a dhualgas a chomhlíonadh maidir le bearta cuí slándála a dhéanamh in aghaidh nochtadh neamhúdaraithe shonraí pearsanta an Pháirtí Fhógra, in aghaidh Ailt 2(1)(d) de na hAchtanna CS; (2) gur phróiseáil sí sonraí pearsanta an Pháirtí Fhógra (agus sonraí pearsanta íogaire) gan bunús dlí faoi Ailt 2A agus 2B de na hAchtanna CS.

Trí bhreithiúnas a fógraíodh ar 6 Feabhra 2020, dhiúltaigh an Chúirt Chuarda d´achomharc ag an tSeirbhís Cúirteanna, agus an tSeirbhís Cúirteanna tar éis orduithe a lorg chun an breithiúnas a chur ar leataobh chomh maith le cinneadh an DPC gur “rialaitheoir sonraí” a bhí sa tSeirbhís Cúirteanna do chuspóirí na nAchtanna CS. Chuir an Chúirt Chuarda srian, áfach, leis an tréimhse ama a bhí intagartha do sháruithe na Seirbhíse Cúirteanna Ailt 2A agus 2B de na hAchtanna CS go dtí an tréimhse 12 Bealtaine 2014 go 15 Bealtaine 2014. I dtaca leis an gCúirt, freisin, chuir sí ar leataobh cinneadh an DPC go raibh teipthe ar an tSeirbhís Cúirteanna a cuid dualgas (slándála) a chomhlíonadh faoi Alt 2(1)(d) de na hAchtanna CS.

Níor ordaíodh aon chostais idir an tSeirbhís Cúirteanna agus an DPC. Tugadh treoir don tSeirbhís Cúirteanna dhá thrian de chostais an Pháirtí Fhógra a íoc, agus an fuílleach le híoc ag an DPC.

Tabhair faoi deara go bhfanann na srianta tuairiscithe a cuireadh i bhfeidhm trí Ordú an Bhreithimh Linnane, dar dáta 26 Samhain 2018, maidir le céannacht an Pháirtí Fhógra, i bhfeidhm trí ordú na hArdchúirte.

Stádas Reatha an Cháis

Tá Breithiúnas agus Ordú na Cúirte Cuarda faoi réir ag achomharc don Ardchúirt faoi phointí áirithe dlí, achomharc atá déanta ag an tSeirbhís Cúirteanna.

Ar leithligh, tá iarratas déanta ag an DPC chun Breithiúnas agus Ordú na Cúirte Cuarda a athrú sa mhéid gur cheadaigh an Chúirt Chuarda an t-achomharc maidir le hAlt 2(1) (d) de na hAchtanna CS agus gur fhorfheidhmigh sí srian ama ar shárú na Seirbhíse Cúirteanna Ailt 2A agus 2B. Tá an DPC ag déanamh achomhairc freisin in aghaidh orduithe na Cúirte Cuarda le haghaidh costas.

 

As Bérla: An tSeirbhís Cúirteanna v DPC (NP- P.M.).pdf