Iarrataí Rochtana ó Ábhair Sonraí – Ceisteanna Coitianta

Baineann formhór na ngearán agus na gceisteanna a fhaigheann an Coimisiún um Chosaint Sonraí (DPC) le daoine aonair atá ag iarraidh a ‘gceart rochtana’ a fheidhmiú. Tugann an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR), faoi Airteagal 15, an ceart do dhaoine aonair cóip a iarraidh dá gcuid sonraí pearsanta atá ‘á phróiseáil’ (m.sh á n-úsáid ar bhealach ar bith), ag ‘rialaitheoirí’ (m.sh. iad siúd a chinneann conas agus cén fáth a bpróiseáiltear sonraí), chomh maith le faisnéis ábhartha eile (mar a mhionsonraítear thíos). Go minic, tugtar ‘iarrataí rochtana ábhair sonraí’, nó ‘iarrataí ar rochtain’ ar na hiarratais seo. Tá ceart den chineál céanna faoi alt 91 den Acht um Chosaint Sonraí 2018, sa chás go mbíonn sonraí pearsanta á bpróiseáil chun críocha forfheidhmithe dlí.

Ní mór na hiarratais seo a fhreagairt saor in aisce agus i bhfoirm inrochtana, agus ní mór do rialaitheoirí iarracht a dhéanamh na hiarratais rochtana atá á ndéanamh a éascú agus na hiarratais a fhreagairt go héasca araon, lena n-áirítear go leictreonach, sa chás gur cuí agus sa chás go n-iarrann an duine aonair a leithéid.

Ba chóir go bhfreagródh an treoir seo a leanas formhór na gceisteanna a bhíonn á gcur go minic ag daoine aonair atá ag lorg cóipeanna dá sonraí pearsanta, chomh maith le rialaitheoirí atá ag déanamh tréan-iarracht déileáil le hiarrataí rochtana atá á bhfáil acu.

Iarrataí Rochtana ó Ábhair Sonraí – Ceisteanna Coitianta - Treoirnóta Iomlán

Iarratas Duine ar a Shonraí: Treoir an Rialaitheora Sonraí

Covid-19 agus Iarrataí Rochtana Ábhair Sonraí