Treoir maidir le húsáid Teilifíse Chiorcaid Iata (CCTV) Baile

Tá méadú tagtha ar an úsáid atá á baint as córais teilifíse ciorcaid iata (TCI) i suíomhanna baile le blianta beaga anuas mar gheall ar an méadú atá tagtha ar shofaisticiúlacht agus infhaighteacht na teicneolaíochta sin. Tá go leor úsáidí dlisteanacha ag baint le TCI baile, amhail úsáidí chun críocha slándála agus chun críocha sláinte agus sábháilteachta, agus chun an choireacht a chosc agus a bhrath. Mar sin féin, is féidir le faireachas TCI a bheith ina chúis le hábhair imní freisin maidir le príobháideacht agus cearta cosanta sonraí daoine aonair.

Is é is aidhm don nóta seo, atá tugtha chun críocha treorach amháin, cabhrú leat an dlí agus do chearta cosanta sonraí a thuiscint nuair atá córas TCI baile á úsáid ag duine chun faireachán a dhéanamh ar a m(h)aoin. Is é is aidhm dó an tráth céanna na hoibleagáidí atá orthu faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí a leagan amach go soiléir d’oibritheoirí córais.

Is féidir leat an treoirnóta seo a íoslódáil ach an nasc thíos a úsáid

Treoir maidir le húsáid TCI Baile (PDF in-íoslódáilte 5.16MB)