Treoir ón Bord Eorpach um Chosaint Sonraí

Is comhlacht neamhspleách Eorpach é an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí (EDPB), a chuireann le feidhmiú seasmhach na dlite um chosaint sonraí tríd an Aontas Eorpach, agus a spreagann comhoibriú idir údaráis cosanta sonraí an AE. Ar an EDPB tá ionadaithe ó na húdaráis náisiúnta um chosaint sonraí, chomh maith leis an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí (EDPS).

Faoi láthair tá 13 Foghrúpa trasna ábhair éagsúla, ina bhfuil daoine aonair ó gach ballstát den AE, a dhéanann speisialtóireacht i sainréimse cosanta sonraí.

Ba é an Meitheal Oibre Airtegail 29 an meitheal oibre neamhspleách Eorpach a phléigh le ceisteanna maidir le cosaint príobháideachais agus sonraí pearsanta ón 25 Bealtaine 2018 (teacht i bhfeidhm an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR)) nuair a cuireadh an EDPB ina áit. Le linn a chéad cruinniú iomlánach thacaigh an EDPB leis Treoirlínte Meithle Oibre Airteagail 29 a bhain leis an GDPR.

Sa mhír seo tá treoir ón EDPB agus ó Meitheal Oibre Airteagail 29 ar treoirlínte, moltaí agus dea-chleachtas maidir leis an GDPR. Spreagann an treoir seo comhthuiscint an GDPR trasna an Aontas Eorpach. Cuireann sí treoir phraiticiúil agus cuidiú léirmhíniúcháin ar fáil maidir le hairteagail ar leith faoin GDPR.