Fístaifeadadh

Fístaifeadadh/TCI, Ceamaraí Deaise, Ceamaraí Gníomhaíochta, Dróin agus Trealamh Fístaifeadta Eile

Is féidir go mbeidh feidhm ag reachtaíocht an Aontais Eorpaigh um chosaint sonraí, amhail an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (an Rialachán Ginearálta), maidir le daoine nó eagraíochtaí (mar ‘rialaitheoirí sonraí’ nó ‘próiseálaithe sonraí’) a dhéanann taifeadadh (‘próiseáil’) ar fhaisnéis físe agus/nó fuaime faoi dhaoine in-sainaitheanta (‘sonraí pearsanta’).

Is féidir go mbeidh TCI, ceamaraí deaise, ceamaraí gníomhaíochta, dróin cheamara-chumasaithe agus teicneolaíochtaí eile ar áireamh le trealamh fístaifeadta. I gcás go n-úsáidtear na cineálacha sin trealaimh, ba cheart d’úsáideoirí (agus do na daoine atá á dtaifeadadh) a bheith ar an eolas gur féidir go mbeidh feidhm ag na cearta agus dualgais éagsúla faoin dlí um chosaint sonraí maidir leis an taifeadadh sin. Chun treoir a léamh maidir leis na dualgais atá ar rialaitheoirí sonraí, féach an rannán ‘Eagraíochtaí’ den suíomh Gréasáin seo.

Mar phointe tosaithe, ba cheart d’aon duine nó eagraíocht a úsáideann trealamh taifeadta a chuimhneamh go bhféadfaí a mheas gur ‘próiseáil’ atá i sonraí físe agus fuaime a thaifeadadh agus/nó a stóráil, fiú i gcás nach mbaintear aon úsáid bhreise as na sonraí sin. Ina theannta sin, is féidir na sonraí sin a bheith ina ‘sonraí pearsanta’ i gcás gur féidir duine aonair éigin a shainaithint uathu. Is féidir gurb an-ábhartha a bheidh comhthéacs agus cáilíocht an taifeadta, mar sin de.

Rud amháin ba cheart a choinneáil ar aird is ea cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh go dtagann an taifeadadh faoin díolúine ‘phearsanta’ nó ‘tís’ a leagtar amach sa Rialachán Ginearálta (faoi Airteagal 2(2)(c) agus Aithris 18 den Rialachán Ginearálta). Ba cheart do dhaoine aonair a úsáideann trealamh fístaifeadta i gcomhthéacs tráchtála nó in áit phoiblí, nó a bheartaíonn é a úsáid ar an mbealach sin, an méid sin a choinneáil ar aird go háirithe. Luaitear sa díolúine sin nach bhfuil feidhm ag an Rialachán Ginearálta i gcás próiseáil sonraí (amhail taifeadadh físeáin) ag duine aonair atá “i mbun gníomhaíocht atá de chineál pearsanta nó de chineál tís amháin”. Mura dtagann an taifeadadh faoin gcatagóir sin, is féidir go mbeidh roinnt oibleagáidí mar ‘rialaitheoir sonraí’ faoin Rialachán Ginearálta ar an duine atá ag déanamh an taifeadta.

Nuair atáthar ag measúnú cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh go bhfuil taifeadadh de chineál pearsanta nó de chineál tís amháin, ba cheart roinnt tosca a chur san áireamh, amhail:

  • cé acu atá nó nach bhfuil nasc ar bith aige le gníomhaíocht ghairmiúil nó tráchtála;
  • cé hiad na daoine a ghlac páirt sa taifeadadh nó a gabhadh leis – i gcás go bhfuil aithne orthu ag an duine atá ag déanamh an taifeadta; agus
  • cén limistéar a cumhdaíodh leis an taifeadadh – ar cumhdaíodh spásanna poiblí nó príobháideacha amháin.

Cabhair le méid na díolúine sin a thuiscint is ea cás ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, á shoiléiriú nach mór an díolúine sin a fhorléiriú go cúng. Tháinig an Chúirt Bhreithiúnais ar an tuairim seo a leanas sa bhreithiúnas uaithi i gcás Rynes vs Urad (2014):

A mhéid a chumhdaíonn físfhaireachas spás poiblí, fiú amháin i gcás go gcumhdaíonn sé go páirteach é, agus atá sé dírithe dá réir sin amach ó shuíomh príobháideach an duine a phróiseálann na sonraí ar an mbealach sin, ní féidir féachaint air mar ghníomhaíocht ar gníomhaíocht ‘de chineál pearsanta nó de chineál tís’ amháin í ...

Cé gur bhain an cás seo le córas seasta TCI, tá sé ina chabhair fós nuair atáthar ag cinneadh cé acu atá nó nach bhfuil feidhm ag an díolúine maidir le cásanna ina bhfuil daoine aonair ag úsáid cineálacha eile trealaimh fístaifeadta amhail ‘ceamaraí deaise’ nó ‘ceamaraí gníomhaíochta’.

I ndeireadh na dála, is ag brath ar fhíricí gach cáis a bheidh an cinneadh ar cé acu a bhí nó nach raibh taifeadadh de chineál pearsanta nó de chineál tís amháin.

 

TCI

Ba cheart d’aon duine aonair a úsáideann ceamara TCI i gcomhthéacs neamhthráchtála a bhreithniú fós cé acu atá nó nach bhfuil feidhm maidir lena c(h)ás ag an díolúine phearsanta nó tís i gcúinsí sonracha a gcumraíochta TCI agus i bhfianaise na treorach maidir le méid na díolúine (amhail cás Rynes).

I gcás go mbaineann eagraíocht úsáid as TCI nó go mbaineann duine aonair úsáid as TCI ar bhealach tráchtála nó ar bhealach neamhdhíolmhaithe eile, ba cheart na hoibleagáidí ar rialaitheoirí sonraí nó ar phróiseálaithe sonraí faoin Rialachán Ginearálta a bhreithniú agus ba cheart cloí leo. Ar an gcéad dul síos, ba cheart dó/di a bheith eolach gurb amhlaidh, i gcomhréir le hAirteagal 6 den Rialachán Ginearálta, nach mór ‘bunús dlí’ a bheith ag gabháil le próiseáil sonraí pearsanta ar bith den sórt sin faoin Rialachán Ginearálta. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi na hoibleagáidí atá ar rialaitheoirí sonraí agus ar phróiseálaithe sonraí, féach an rannán ‘Eagraíochtaí’ den suíomh Gréasáin seo.

Is féidir gur mhaith leat amharc ar an treoir fhoilsithe ón gCoimisiún um Chosaint Sonraí maidir le ‘Cosaint Sonraí agus Scéimeanna Pobalbhunaithe TCI’. Sa pháipéar treorach sin, tugtar faisnéis shonrach faoi scéimeanna pobalbhunaithe agus prionsabail ghinearálta a bhféadfadh go mbeadh feidhm acu maidir le roinnt mhaith cásanna d’úsáid TCI nó d’fhístaifeadadh eile.

 

Ceamaraí Deaise

Mar gheall go bhfuil méadú tagtha ar an líon úsáideoirí bóithre a úsáideann ‘ceamaraí deaise’, d’ullmhaigh an Coimisiún um Chosaint Sonraí ‘Treoir do Thiománaithe maidir le “Ceamaraí Deaise” a Úsáid’. Faoi mar atá amhlaidh i gcás na treorach maidir le TCI, tugtar sa pháipéar treorach seo faisnéis shonrach faoi cheamaraí deaise a úsáid agus prionsabail ghinearálta a bhféadfadh go mbeadh feidhm acu maidir le roinnt mhaith cásanna d’fhístaifeadadh, amhail ceamaraí deaise.

Áirítear na nithe seo le roinnt de na saincheisteanna ar cheart d’ábhair shonraí agus d’úsáideoirí ceamaraí deaise a bheith eolach orthu:

  • cé acu atá na ceamaraí dírithe amach nó isteach, nó atá siad dírithe amach agus isteach;
  • cé acu a thaifeadann siad fuaim agus físeán;
  • cé acu a thaifeadann siad físeán den bhóthar romhainn agus/nó de spásanna poiblí eile;
  • cáilíocht aon taifeadta, agus cé acu is féidir nó nach féidir daoine a shainaithint uaidh;
  • conas a dhéantar na taifeadtaí a stóráil agus a úsáid; agus
  • cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh go ndéantar aon taifeadadh i gcomhthéacs pearsanta amháin.

I gcás go measann úsáideoirí ceamaraí deaise go bhféadfadh gur rialaitheoirí sonraí iad faoin Rialachán Ginearálta, ba cheart dóibh an t-ábhar a thugtar sa rannán ‘Eagraíochtaí’ den suíomh Gréasáin seo a bhreithniú.

 

Ceamaraí Gníomhaíochta agus Dróin

Níl treoir shonrach ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí faoi láthair maidir le húsáid a bhaint as ‘ceamaraí gníomhaíochta’ (amhail gléasanna GoPro) nó as dróin atá in ann físeán a thaifeadadh. Mar a thuigfeá, áfach, tá an-chuid de na breithniúcháin atá ábhartha do TCI agus do cheamaraí deaise chomh hinfheidhme céanna maidir le húsáid a bhaint as na cineálacha sin trealaimh fístaifeadta.

Ba cheart d’úsáideoirí breithniú a dhéanamh go háirithe ar an láthair ina n-úsáideann siad na gléasanna sin agus ar an bhféidearthacht go sainaithneofaí aon daoine aonair a thaifeadtar agus ar cé acu atá nó nach bhfuil ceangal orthu cloí le hoibleagáidí áirithe faoin dlí um chosaint sonraí, mar a leagtar amach iad faoin rannán ‘Eagraíochtaí’ den suíomh Gréasáin seo.