Cinntí
Cinntí
Caith súil ar achoimrí ar Chinntí arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí, mar aon leis an téacs iomlán díobh.
Míniú ar Fhíneálacha
I dteannta bearta ceartaitheacha a fhorchur, gearradh fíneálacha ab fhiú níos mó ná €4 billiún ar eagraíochtaí mar thoradh ar fhiosrúcháin ón gCoimisiún. Bailíodh fíneálacha dar luach thart ar €20 milliún go dtí seo.
Foráiltear leis an dlí nach dtiocfaidh fíneálacha arna bhforchur ag an gCoimisiún chun bheith iníoctha go dtí go ndaingneofar sa Chúirt iad. Más rud é nach ndéanfar aon achomharc i gcoinne an chinnidh ón gCoimisiún, ní mór don Choimisiún iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Chuarda chun an fhíneáil a dhaingniú faoin Acht um Chosaint Sonraí, 2018.
Más rud é go ndéanfar achomharc i gcoinne an chinnidh ón gCoimisiún, ní fhéadfar an fhíneáil a bhailiú go dtí go socrófar an t-achomharc sin. Is sa Chúirt Chuarda nó san Ard-Chúirt a thionscnaítear achomhairc den sórt sin, ag brath ar luach airgid na fíneála.
Fiosrúchán ar TikTok Technology Limited
Dáta an Chinnidh: 30 Aibreán 2025 An 30 Aibreán 2025, ghlac Coimisiún na hÉireann um Chosaint Sonraí (‘an Coimisiún’) cinneadh críochnaitheach i bhfiosrúchán reachtúil dá dheoin féin maidir…
Airteagal(ta): 46
Fiosrúchán ar LinkedIn Ireland Unlimited Company
Baineann an Cinneadh le Fiosrúchán a rinne an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) ar LinkedIn Ireland Unlimited Company (LinkedIn), rialaitheoir sonraí a bhfuil a phríomhbhunaíocht…
Féach Tuilleadh EolaisFiosrúchán ar Chomhairle Contae Chill Dara
Féachadh san fhiosrúchán seo lena mheasúnú cé acu a bhí nó nach raibh Comhairle Contae Chill Dara ag próiseáil sonraí pearsanta i gcomhréir le GDPR agus leis an Acht um Chosaint Sonraí,…
Féach Tuilleadh EolaisFiosrúchán ar WhatsApp
D’fhógair an Coimisiún um Chosaint Sonraí (“an Coimisiún”) inniu gur cuireadh clabhsúr le fiosrúchán ar an bpróiseáil a rinne WhatsApp Ireland Limited (“WhatsApp Ireland”) i ndáil le…
Féach Tuilleadh EolaisFiosrúchán ar Meta Ireland
D’fhógair an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) inniu gur cuireadh clabhsúr le dhá fhiosrúchán ar oibríochtaí próiseála sonraí Meta Platforms Ireland Limited (“Meta Ireland”) i…
Féach Tuilleadh EolaisFiosrúchán maidir le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh
D’iarr an fiosrúchán seo a mheas an raibh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ag próiseáil sonraí pearsanta de réir an GDPR agus an Acht um Chosaint Sonraí 2018. Scrúdaigh an fiosrúchán…
Cinneadh maidir le WhatsApp Ireland Ltd.
Scrúdaigh an fiosrúchán seo, a chuir an DPC tús leis ar an 10 Nollaig 2018, ar chomhlíon nó nár chomhlíon WhatsApp Ireland Ltd a chuid oibleagáidí trédhearcachta faoin GDPR maidir le…
Airteagal(ta): 5