Cinntí
Cinntí
Caith súil ar achoimrí ar Chinntí arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí, mar aon leis an téacs iomlán díobh.
Míniú ar Fhíneálacha
I dteannta bearta ceartaitheacha a fhorchur, gearradh fíneálacha ab fhiú níos mó ná €4 billiún ar eagraíochtaí mar thoradh ar fhiosrúcháin ón gCoimisiún. Bailíodh fíneálacha dar luach thart ar €20 milliún go dtí seo.
Foráiltear leis an dlí nach dtiocfaidh fíneálacha arna bhforchur ag an gCoimisiún chun bheith iníoctha go dtí go ndaingneofar sa Chúirt iad. Más rud é nach ndéanfar aon achomharc i gcoinne an chinnidh ón gCoimisiún, ní mór don Choimisiún iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Chuarda chun an fhíneáil a dhaingniú faoin Acht um Chosaint Sonraí, 2018.
Más rud é go ndéanfar achomharc i gcoinne an chinnidh ón gCoimisiún, ní fhéadfar an fhíneáil a bhailiú go dtí go socrófar an t-achomharc sin. Is sa Chúirt Chuarda nó san Ard-Chúirt a thionscnaítear achomhairc den sórt sin, ag brath ar luach airgid na fíneála.
Fiosrúchán ar TikTok Technology Limited
Ghlac an Coimisiún um Chosaint Sonraí (“an Coimisiún”) a chinneadh críochnaitheach maidir lena fhiosrúchán ar TikTok Technology Limited (“TTL”) an 1 Meán Fómhair 2023. D’iarr an fiosrúchán…
Féach Tuilleadh EolaisFiosrúchán ar Chomhairle Contae na Gaillimhe
Féachadh san fhiosrúchán seo lena mheasúnú cé acu a bhí nó nach raibh Comhairle Contae na Gaillimhe ag próiseáil sonraí pearsanta i gcomhréir le RGCS agus leis an Acht um Chosaint Sonraí,…
Airteagal(ta): 24
Fiosrúchán maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil i leith leanaí a úsáideann an tseirbhís líonraithe shóisialta Instagram
Chuir an Coimisiún um Chosaint Sonraí (DPC) tús leis an bhfiosrúchán féintoilithe seo an 21 Meán Fómhair 2020, fiosrúchán a bhí bunaithe ar fhaisnéis a chuir tríú páirtí ar fáil agus i…
Féach Tuilleadh EolaisFiosrúchán maidir le 12 sárú Facebook i ndáil le sonraí pearsanta
Ghlac an DPC le cinneadh, lena ngearrtar fíneáil €17 milliún ar Meta Platforms Ireland Limited (Facebook Ireland Limited roimhe seo) (“Meta Platforms”). Rinne an DPC fiosrúchán i ndiaidh an…
Féach Tuilleadh EolaisFiosrúchán maidir le Comhar Creidmheasa Bhaile Shláine
Cuireadh tús leis an bhfiosrúchán seo maidir le sárú ar shonraí pearsanta a chur Comhar Creidmheasa Bhaile Shláine in iúl don DPC ar an 30 Samhain 2018. Bunaíodh Comhar Creidmheasa Bhaile…
Féach Tuilleadh EolaisFiosrúchán maidir le Biúró Creidmheasa na hÉireann DAC
Cuireadh tús leis an bhfiosrúchán seo maidir le sárú ar shonraí pearsanta a chuir Biúró Creidmheasa na hÉireann (‘ICB’) in iúl don DPC an 31 Lúnasa 2018. Gníomhaireacht teistiméireachtaí…
Féach Tuilleadh Eolais