Cinntí
Cinntí
Caith súil ar achoimrí ar Chinntí arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí, mar aon leis an téacs iomlán díobh.
Míniú ar Fhíneálacha
I dteannta bearta ceartaitheacha a fhorchur, gearradh fíneálacha ab fhiú níos mó ná €4 billiún ar eagraíochtaí mar thoradh ar fhiosrúcháin ón gCoimisiún. Bailíodh fíneálacha dar luach thart ar €20 milliún go dtí seo.
Foráiltear leis an dlí nach dtiocfaidh fíneálacha arna bhforchur ag an gCoimisiún chun bheith iníoctha go dtí go ndaingneofar sa Chúirt iad. Más rud é nach ndéanfar aon achomharc i gcoinne an chinnidh ón gCoimisiún, ní mór don Choimisiún iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Chuarda chun an fhíneáil a dhaingniú faoin Acht um Chosaint Sonraí, 2018.
Más rud é go ndéanfar achomharc i gcoinne an chinnidh ón gCoimisiún, ní fhéadfar an fhíneáil a bhailiú go dtí go socrófar an t-achomharc sin. Is sa Chúirt Chuarda nó san Ard-Chúirt a thionscnaítear achomhairc den sórt sin, ag brath ar luach airgid na fíneála.
Groupon Ireland Operations Limited
An 8 Márta 2024, ghlac an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) cinneadh tar éis dó scrúdú a dhéanamh ar ghearán a fuarthas in aghaidh Groupon Ireland Operations Limited (Groupon)…
Féach Tuilleadh EolaisFiosrúchán ar Airbnb Ireland UC
An 20 Iúil 2023, tar éis fiosrúcháin, ghlac an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) cinneadh chun cumhachtaí ceartaitheacha a fheidhmiú i leith Airbnb Ireland UC (Airbnb). Thosaigh…
Féach Tuilleadh EolaisFiosrúchán ar phróiseáil Taifead Eaglaise ag Ard-Easpag Bhaile Átha Cliath
Thosaigh an Coimisiún um Chosaint Sonraí an Fiosrúchán tar éis roinnt gearán a fháil ó ábhair sonraí a bhí ag iarraidh a shocrú go léirscriosfaí na sonraí pearsanta fúthu a bhí á bpróiseáil…
Fiosrúchán maidir le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh
D’iarr an fiosrúchán seo a mheas an raibh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ag próiseáil sonraí pearsanta de réir an GDPR agus an Acht um Chosaint Sonraí 2018. Scrúdaigh an fiosrúchán…
Cinneadh maidir le Ryanair DAC
Ag gníomhú dó ina cháil mar phríomhúdarás maoirseachta, chuir an DPC tús le scrúdú ar ghearán a fuair Údarás Cosanta Sonraí na Ríochta Aontaithe ar dtús. Bhain an gearán le próiseáil…
Féach Tuilleadh Eolais